2013 Top Ten of Conflict for Health

Síciatracht
Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
Toisc riosca
Is éard is toisc riosca san eipidéimeolaíocht ann ná athraitheach a bhfuil baint aige le riosca ardaithe galair nó tinnis
An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc
Ospidéal i mBaile Átha Cliath na hÉireann é An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc atá lonnaithe i nDomhnach Broc. Bunaíodh an t-ospidéal sa bhliain 1743. Cuireann sé seirbhís ar fáil do sheanóirí, go háirithe. Tá sé nasctha le COBÁC
An eitinn
Galar is ea an eitinn arb é an baictéar úd Mycobacterium tuberculosis is cúis leis. Ar na scamhóga is minicí a ghoilleann an eitinn, ach is féidir léi dul i bhfeidhm ar bhaill eile den chorp, ar na cnámha nó ar an inchinn mar shampla
Fiabhras Lassa
Is galar daonna é an fiabhras Lassa atá cúisithe ag víreas. Scaiptear é ó fhual na gcreimirí go daoine agus ansin scaipeann sé ó dhuine go duine
Nicholas Culpeper
Astralaí is lia a rugadh i Londain ab ea Nicholas Culpeper (1616-1654). I 1649 d'fhoilsigh sé an chéad aistriúchán Béarla ar Pharmocopoeia Choláiste na Lianna i Londain, lámhleabhar údarásach na ndrugaí ceadaithe, a dtréithe, a n-úsáidí, a bhfo-iarsmaí, a n-ullmhúcháin is a ndáileoga molta: A Physical Directory a thug sé air. I 1652 d'fhoilsigh sé The English Physician agus i 1653 The Complete Herbal
Comhairleoir leighis
Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
Cnáimhseachas
Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas
Néareolaí
Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn mórán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
Néareolaíocht
Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc