2012 Top Ten of Polemic for Technology

Innealtóireacht bogearraí
Is éard is innealtóireacht bogearraí ann ná an cur i bhfeidhm de mhodhanna deartha córasacha agus cáinníochtúla le bogearraí a chruthú
Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
London Underground
Is meitreo nó córas traenach faoi thalamh é an London Underground i Londain. Osclaíodh é sa bhliain 1863, ach níl sa lá atá inniu ann ar an meitreo is mó ar domhan, mar a deirtear uaireanta. Glaotar an "Tiúb" air mar leasainm mar gheall ar chruth na dtollán
Trombón
Is ionstraim mhór phráis é an trombón. Úsáidtear i ngach ceolfhoireann é. Is ball den chuid dhord é. Téann stair an trombóin siar go dtí an Renaissance
Ríomhphost gréasáin
Cuirtear ríomhphost gréasáin ar fáil trí láithreán gréasáin. Ligeann sé d’úsáideoirí seoladh ríomhphoist a bheith acu ar an láithreán le teachtaireachtaí ríomhphoist a léamh agus a scríobh mar mhalairt ar chliant ríomhphoist a úsáid. Coinnítear na teachtaireachtaí ar fhreastalaí gréasáin rud a chiallaíonn:nach gá don úsáideoir ríomhaire dá gcuid féin a bheith acu le ríomhphost a úsáid gur féidir ríomhphost a úsáid áit ar bith ar domhan a bhfuil ríomhaire le
Android
Is córas oibriúcháin soghluaiste é Android, is é sin, córas oibriúcháin d'earraí soghluaiste mar ghutháin phóca. Chruthaigh Android Inc. é, ach sa bhliain 2005 dhíol siad an córas le Google
Twitter
Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 140 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcanna nó tweets as Béarla. Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California
Clairinéad
Is gléas ceoil gaoithe í an clairinéad ón bhfocal Iodáilise clarino ("trumpa"). Tá roinnt saghasanna clairinéad ann—an grúpa gléasanna gaoithe is mó dá bhfuil ann. Feadán fada atá sa chlairinéad agus é déanta de ghnáth as aon gheocán amháin den speiceas Arundo donax. Le tamall anuas, déantar an feadán as ábhar sintéiseach freisin
SGML
Is meititheanga agus caighdeán ISO í an Teanga Chaighdeánach Mharcála Ghinearálaithe chun teangacha marcála a chruthú. D'eascair SGML as an Teanga Mharcála Ghinearálaithe (GML) IBM a chuir Charles Goldfarb, Edward Mosher agus Raymond Lorie chun cinn sna 1960í
Tram
Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa Bhéarla nó Strassenbahn sa Ghearmánais orthu. Tá córas breá traim ag Heilsincí, ar é an príomhchóras taisteal in ardchathair na Fionlainne é. Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain