2012 Top Ten of Polemic for People

Jean-Marie Gustave Le Clézio
Is scríbhneoir é Jean-Marie Gustave Le Clézio nó J. M. G. Le Clézio; a rugadh in Nice, an Fhrainc, ar 13 Aibreán 1940
Edward Plunkett, 18ú Barún Dhún Samhnaí
Scríbhneoir scéalta fantaisíochta a bhí in Edward John Moreton Drax Plunkett, ochtú barún déag Dhún Samhnaí, nó, Lord Dunsany, mar is aithin do lucht léite a chuid leabhar é. Is féidir a ainm a aistriú go Gaeilge mar Éamann Pluincéid. Saolaíodh ar an 24 Iúil 1878 i Londain é, agus fuair sé bás le haipindicíteas i mBaile Átha Cliath ar an 25 Deireadh Fómhair 1957. D'fhoilsigh sé breis agus ceithre scór leabhar, idir ghearrscéalta, dhrámaí, úrscéalta agus aistí
Alessandro Baricco
Is scríbhneoir mór le rá de chuid na hIodáile é Alessandro Baricco. Tá a chuid úrscéalta aistrithe i neart teangacha agus rath mór air go háirithe san Iodáil agus san Fhrainc. Tá cónaí air in Torino lena chailín agus a bheirt chlainne. Ag tús 2022 roinn sé leis an saol go bhfuil leoicéime air
Pedro Mendes
Is imreoir sacair é Pedro Mendes. Imríonn sé faoi láthair le Sporting CP. D'imir sé le Vitoria Guimaraes ón mbliain 1999 go 2003. D'imir sé le FC Porto ón séasúr 2003-2004. D'imir sé le Tottenham Hotspur ó 2004 go 2006. Bhí sé ag imirt le Portsmouth ar feadh dhá bhliain, ó 2006 go 2008. D'imir sé ansin le Rangers ón mbliain 2008 go 2010
Alistair MacLean
Scríbhneoir scéinséirí ó Albain ab ea Alistair Stuart MacLean a tháinig chun saoil i mBaile Sheadna, Glaschú, ar an 21 Aibreán 1922 agus a fuair bás i München, an Ghearmáin ar an 2 Feabhra 1987. Scríobh sé a lán scéinséirí agus úrscéalta cogaidh, agus scannánaíodh cuid mhaith acu, ar nós Where Eagles Dare agus The Guns of Navarone
Marguerite Yourcenar
Scríbhneoir Francach a bhí i Marguerite Yourcenar. Úrscéalta stairiúla agus tríológ inar phléigh sí stair a muintire ba mhó a thuill clú di, ach scríobh sí filíocht, aistí léirmheastóireachta agus ábhar eile freisin
Patrick Nulty
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Thiar é Patrick Nulty. Toghadh é ag fothoghchán i nDeireadh Fómhair na bliana 2011. Is polaiteoir neamhspleách é tar éis dó aoireacht an pháirtí an chailliúint ar 6 Nollaig, 2011. D'éirigh sé as oifig sa bhliain 2014 díreach sular tháinig sé chun solais go raibh teachtaireachtaí gnéasacha seolta aige chuig cailín agus bean ar facebook
Eugène Ionesco
Ba scríbhneoir agus drámadóir Francach le fréamhacha Rómáineacha é Eugen Ionescu. Toghadh ina bhall de Acadamh na Fraincise é ar an 22 Eanáir 1970. Ba duine de na príomh-dhrámadóirí i dtéatar na héigéille é
Samuel Beckett
Úrscéalaí, drámadóir agus file Éireannach ba ea Samuel Beckett. Tugtar léiriú diúltach ar an staid dhaonna i saothar Beckett. Ba rí "Théatar na hÉigéille" é
Julien Gracq
Scríbhneoir Francach ab ea é Julien Gracq, nó Louis Poirier de réir a theastais bhreithe. Ar an 27ú lá d'Iúil sa mbliain 1910 a rugadh é, i Saint-Forent-le-Vieil, áit atá suite insa ndépartement Maine-et-Loire, agus do fuair sé bás in Angers ar an 22ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 2007