2012 Top Ten of Polemic for Nature
- Fualán
- Gaireas ina mhúnann fir ann is ea fualán. Is féidir le fir fualán a roinnt eatarthu nó is féidir fualán a bheith d'fhear amháin. Má tá fir ag seasamh in aice a chéile, níl cead, de réir gnásanna coitianta, breathnú síos ar bhoid fir eile. Seasann fir os comhair an fualán, síneann siad an bod i dtreo an fualán agus steallann siad an fual isteach sa bhfualán. Sruthlaíonn uisce iontu go rialta chun an fual agus an boladh bréan a bhaint amach
- Eolaíocht an domhain
- Is téarma cuimsitheach é eolaíocht an domhain do na heolaíochtaí go léir a bhaineann leis an Domhan. Úsáidtear na príomhdhisciplíní - fisic, tíreolaíocht, matamaitic, ceimic agus bitheolaíocht - chun tuiscint a fháil ar phríomhthréithe nó réimsí chóras an Domhain
- Speiceas
- Sa bhitheolaíocht tá an speiceas ar cheann de na haonaid bhunúsacha i rangabháil na n-orgánach beo. Mar sin, i rangú na n-orgánach bitheolaíoch, is speiceas an grúpa as gné ar féidir na baill nádúrtha de a chrosphórú le chéile, ionas go bhfanann siad aonraithe ó ghrúpaí cosúla sa ghné chéanna, nach féidir le hábhar géiniteach aistriú eatarthu
- Bod
- Is é an bod nó an péineas an chuid de bhaill ghiniúna an fhir a sháitear isteach i bhfaighin na mná le linn na comhriachtana, leis an síol a chur isteach i mbroinn na mná. Úsáideann an fear a bhod lena mhún a chaitheamh freisin
- Fia mór
- An fíorfhia is mó, atá forleathan sna réigiúin mheasartha den leathsféar thuaidh. Aonarach de ghnáth. An soc fada, liopa leathan uachtair ag caitheamh amach os cionn an liopa íochtair. An scornach le leadhb craicinn. Na beanna leathan, cosúil le miasa, le hadharca starracha ar na himill. Tugtar mús uirthi i Meiriceá Thuaidh
- Iarmhairt Joule-Thomson
- Is í an iarmhairt Joule-Thomson ná an t-athrú teochta i ngás nuair a ritheann sé amach trí shoc is a fhorbraíonn ansin
- Iasc
- Is veirteabrach uisceach é an t-iasc agus is grúpa orgánach parai-fíléiteach, comhdhéanta de gach ainmhí atá ina gheolbhach uisceach gan ghéaga le méara é. Go hiondúil, bíonn éisc fuarfhuilteach, clúdaithe le gainní agus bíonn roinnt eití orthu freisin. Aimsítear éisc go fairsing i bhfionnuisce agus i sáile
- Ceimic
- Is í an cheimic an disciplín eolaíoch a bhaineann le dúile agus comhdhúile comhdhéanta d’adamh, móilíní agus iain: a gcomhdhéanamh, a struchtúr, a n-airíonna, a n-iompar agus na hathruithe a dhéantar orthu le linn imoibrithe le substaintí eile
- 29 Meán Fómhair
- Is é an 29 Meán Fómhair an 272ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 273ú lá i mbliain bhisigh. Tá 93 lá fágtha sa bhliain
- Lá Fhéile Vailintín
- Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín a cheiliúrtar ar an 14 Feabhra. Féile í a bhaineann le cúrsaí grá agus ceana idir compánaigh atá dlúth lena chéile