2012 Top Ten of Conflict for Technology

Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
Innealtóireacht bogearraí
Is éard is innealtóireacht bogearraí ann ná an cur i bhfeidhm de mhodhanna deartha córasacha agus cáinníochtúla le bogearraí a chruthú
Twitter
Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 140 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcanna nó tweets as Béarla. Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California
London Underground
Is meitreo nó córas traenach faoi thalamh é an London Underground i Londain. Osclaíodh é sa bhliain 1863, ach níl sa lá atá inniu ann ar an meitreo is mó ar domhan, mar a deirtear uaireanta. Glaotar an "Tiúb" air mar leasainm mar gheall ar chruth na dtollán
Facebook
Is láithreán líonraithe shóisialta é Facebook, a bhunaigh Mark Zuckerberg ar 4 Feabhra, 2004. Tá an suíomh seo in iomaíocht le láithreáin líonraithe shóisialta eile, amhail Bebo agus MySpace. Dar le Facebook féin tá breis is 400 milliún duine cláraithe ar an suíomh faoi láthair agus bíonn breis is 50% acu ag logáil isteach go laethúil. Is féidir le duine ar bith a bheith ina bhall de agus tá sé faoi úinéireacht phoiblí Facebook Inc
Córas mear-idirthurais
Is córas iompair faoi thalamh é córas Metro nó Metro. Tá sé cosuil le iarnród. Tá siad le fáil i gcathracha ar fud an domhain, mar shampla Páras, Londain, Moscó, Nua-Eabhrac, agus araile. Beidh Metro ann i mBaile Átha Cliath go luath. "Subway" a thugtar chóras den chineál seo sna S.A.M., agus an "Underground" atá air i Londain
Tram
Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa Bhéarla nó Strassenbahn sa Ghearmánais orthu. Tá córas breá traim ag Heilsincí, ar é an príomhchóras taisteal in ardchathair na Fionlainne é. Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain
Google
Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California
Córas Suite Domhanda
Is éard atá i gceist leis an gCóras Suite Domhanda (CSD) ná córas domhanda loingseoireachta satailítbhunaithe a chuireann eolas iontaofa suímh agus ama ar fáil don úsáideoir i dtaobh gach áit ar dhroim an Domhain nó in aice leis, ar acht is go bhfuil radharc ag ceithre shatailít, nó níos mó, ar an áit atá i gceist. Is é rialtas na Stát Aontaithe a choinníonn an córas seo ag imeacht, ach tá rochtain ag gach duine air a bhfuil glacadóir Córais Shuite Dhomhanda aige. Ba í Roinn
Idirlíon
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí