2011 Top Ten of Polemic for Religion
- Gurú
- Séard is Gurú ann ná saoi reiligiúnda san Hiondúchas, Búdachas, Saíceachas, agus cuid mhaith córais creidimh eile. Séard is ciall le Gu ná "an dorchadas spioradálta"; agus Rú ná "an duine a chloíann". Mar sin, séard is brí leis an bhfocal Gurú ná an duine a chloíann an dorchadas spioradálta
- Ceithre fhírinne thriathacha
- Is iad na Cheithre Fhírinne Thriathacha, a mhúin an Búda, bunús an Bhúdachas. Is iad seo na Cheithre Fhírinne Thriatacha:Baineann fulaingt le gach gné den saol
Is iad na dúileanna is cúis leis an bhfulaingt
Má chuirtear deireadh le dúileanna, beidh deireadh leis an bhfulaingt.
Is féidir deireadh a chur le dúileanna, ach conair na n-ocht rian a leanúint
- An Mhainicéasaíocht
- Ceann de na seanreiligiúin Iaránacha is ea an Mhainicéasaíocht. Tá sí imithe anois, agus an chuid is mó de scríbhinní a fáidhe, Mani, ar iarraidh freisin, ach tá aithne éigin ar an gcreideamh ó fhoinsí dara láimhe, go háirithe ó scríbhinní Naomh Aibhistín, a d'iompaigh ón Mainicéasaíocht chun na Críostaíochta
- Ardeaspag Canterbury
- Ceannaire ar an Eaglais Shasana agus ar an gComaoineach Anglacánach domhanda is ea ardeaspag Canterbury. Is comharba é an t-ardeaspag ar Naomh Agaistín, an chéad ardeaspag idir 597 agus 605. Justin Welby atá san oifig faoi láthair. Tá an t-ardeaspag bunaithe ag Ardeaglais Canterbury
- Mahamad
- Ba é Muhammad fáidh an Ioslaim. Creideann na Muslamaigh gur nocht Dia a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Muhammad an duine deireanach acu
- Pápa
- Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013
- Aoine an Chéasta
- Is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Dhomhnach na Cásca. De réir fhoirceadal na Críostaíochta, b'ar an Aoine seo a céasadh Íosa Críost go bás ar an gCros
- Eoleolaíocht
- Is í an Eoleolaíocht an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna
- Cáisc
- Féile Chríostaí is ea an Cháisc, agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá
- An Soitheach Naofa
- Is é an Soitheach Naofa, de réir mhiotaseolaíocht na Meánaoise, ná an soitheach as ar ith Íosa Críost a bhéile deireanach lena chuid deisceabal. Chreidtí go forleathan sa Meánaois go raibh cumhacht mhiorúilteach sa Soitheach Naofa. Dá réir sin, chum filí agus scríbhneoirí na Meánaoise cuid mhaith scéalta nó laoithe eipiceacha faoi ridirí a chuaigh ar lorg an tSoithigh Naofa