2011 Top Ten of Conflict for Religion
- Mahamad
- Ba é Muhammad fáidh an Ioslaim. Creideann na Muslamaigh gur nocht Dia a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Muhammad an duine deireanach acu
- Gurú
- Séard is Gurú ann ná saoi reiligiúnda san Hiondúchas, Búdachas, Saíceachas, agus cuid mhaith córais creidimh eile. Séard is ciall le Gu ná "an dorchadas spioradálta"; agus Rú ná "an duine a chloíann". Mar sin, séard is brí leis an bhfocal Gurú ná an duine a chloíann an dorchadas spioradálta
- Pápa
- Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013
- Eaglais Chaitliceach Rómhánach
- Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin
- Eaglais Fhíor Íosa
- Is eaglais neamhshainchreidmheach neamhspleách í Eaglais Fhíor Íosa, (真[Zhēn]
耶[Yē]
穌[sū]
教[Jiào]
會[Huì]) a bunaíodh i mBéising, an tSín, i 1917. Gluaiseacht a tosaíodh le leas a chur ar an Eaglais Protastúnach atá ann, ach a d´fhág An Áise scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh de
- An Soitheach Naofa
- Is é an Soitheach Naofa, de réir mhiotaseolaíocht na Meánaoise, ná an soitheach as ar ith Íosa Críost a bhéile deireanach lena chuid deisceabal. Chreidtí go forleathan sa Meánaois go raibh cumhacht mhiorúilteach sa Soitheach Naofa. Dá réir sin, chum filí agus scríbhneoirí na Meánaoise cuid mhaith scéalta nó laoithe eipiceacha faoi ridirí a chuaigh ar lorg an tSoithigh Naofa
- An Córan
- Is é an Córan, nó an Córán, leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chóran san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Muslamach fíréanta gurb é an Córan briathar neamhthruaillithe Dé, agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chórain a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCóran Araibise mar fhíor-leabhar naofa. Rinne Muid Córan Araibise de, ionas go dtuigfeadh
- Cáisc
- Féile Chríostaí is ea an Cháisc, agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá
- An Hiondúchas
- Is éard atá in Hiondúchas ná traidisiún spioradálta aondéitheach oirthearach. Sa lá atá inniu ann is é an tríú creideamh is mó cleachtaithe ar domhain. Is é ceann de na reiligiúin is sine sa domhan. Tá béim ag an Hiondúchas ar Búdachas, Saíceachas agus Seaineachas
- An Mhainicéasaíocht
- Ceann de na seanreiligiúin Iaránacha is ea an Mhainicéasaíocht. Tá sí imithe anois, agus an chuid is mó de scríbhinní a fáidhe, Mani, ar iarraidh freisin, ach tá aithne éigin ar an gcreideamh ó fhoinsí dara láimhe, go háirithe ó scríbhinní Naomh Aibhistín, a d'iompaigh ón Mainicéasaíocht chun na Críostaíochta