2011 Top Ten of Conflict for Health
- Hormón
- Ábhar é hormón a dhéantar in áit amháin agus a thaistealaíonn tríd an bhfuil le héifeacht a bheith aige ar chuid eile den cholainn
- Haemaifilia
-
Is neamhord fola í an haemaifilia, galar géiniteach a tharlaíonn i bhfireannaigh den chuid is mó, ina moillítear téachtadh na fola as cuimse. Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr
- Súitín
- Is bundallán é súitín a sháinn mná isteach ina bhfaighneacha chun fuil agus leachtanna eile a ionsú. Baineann mná feidhm astu nuair a mbíonn siad ag míostrú. Séard atá ann ná braisle de flocas cadáis agus sreangán ceangailte leis, ionas gur féidir an súitín a tharraingt amach as an gcorp
- Fuilchill bhán
- Is éard is fuilchealla bána (FCB), nó leocaicítí ann ná cealla an chórais imdhíonachta a mbíonn baint acu leis an gcolainn a chosaint i gcoinne na ngalar tógálach agus earraí coimthíocha. Tá cúig chineál leocaicíte difriúil agus éagsúil ann, ach díorthaíonn siad ar fad ó chill ilchumhachtach sa smior, ar a dtugtar an ghaschill fhuilghinte. Bíonn leocaicítí le fáil ar fud na colainne, lena n-áirítear an córas fola agus limfeach
- Trasphlandú orgán
- Is éard is trasphlandú orgán ann ná aistriú orgáin nó fíocháin ó dhuine amháin chuig duine eile mar chóir leighis
- Maláire
- Galar tógálach is ea an mhaláire nó malaria. Tá sé coitianta sna trópaicí agus sna fothrópaicí. Bíonn 350–500 milliún cás ann gach bliain, Tá dlúthbhaint idir an mhaláire agus an bochtanas agus uaireanta cúisíonn an galar an bochtanas
- Gallúnach
- Is táirge í gallúnach a bhaineann daoine feidhm as chun iad féin agus chun rudaí eile amhail éadaí a ghlanadh. Is bun lag atá i ngallúnach. Sa lá atá inniu ann, baintear leas astu mar mhaisiúcháin i seomraí folctha. Bíonn gallúnach ar fáil mar cheap, mar phúdar nó mar leacht. Bíonn boladh breá ar ghallúnach de ghnáth. Déantar de chomhábhair aiceanta í amhail ola olóige
- Altra
- Tugtar altra ar chleachtaitheoir a thugann aire do othair agur ar féidir leis nó léi scrúdú teoranta a dhéanamh
- Síciatracht
- Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
- Néareolaí
- Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn morán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne