2010 Top Ten of Polemic for Technology
- Giotár
- Is saghas uirlis cheoil é an giotár. Is téaduirlis í, agus bíonn idir cheithre agus dhá théad dhéag air, de ghnáth. Nuair a phioctar na téada, tosaíonn siad ag tonnchrith agus fuaim uathu. Tá dhá shaghas giotár le fáil, go bunúsach - giotár leictreach agus giotár fuaimiúil. Chomh maith leis sin, tá dord nó dord-ghiotár ann freisin
- VoIP
- Is giorrúchán é VoIP don téarma "Voice-over Internet Protocol". Tugtar "Prótacal Idirlín don Ghuthú" nó "Prótacal Idirlín Guthaithe" ar an teicneolaíocht seo i nGaeilge. B'fhéidir gurb é Skype an córas ar a bhfuil an aithne is mó air
- Deasc
- Is troscán é deasc a dhéantar obair uirthi. Is cineál clár nó bord é deasc. Baintear feidhm as chrinlín chun léamh, scríobh nó dul i mbun ríomhaireachta. Is féidir deasc a bheith sa bhaile nó in oifig nó ionad oibre eile amhail óstán. De ghnáth bíonn tarraiceáin ag deasc chun rudaí a chur i dtaisce iontu. De ghnáth, suíonn daoine ar thaobh amháin den deasc. Dé ghnáth bíonn siad íseal ionas go mbeidh siad oiriúnach do dhaoine agus iad ina suí ach is féidir deasca arda a fháil
- Osmóis
- Is próiseras é an Osmóis ina idirleathann tuaslagóir trí scannán leaththréscaoilteach, ó tuaslagán le
tiúchan tuaslagáite íseal go dtí tuaslagán le tiúchan tuaslagáite ard,
suas grádán tiúchana tuaslagáite
- MS-DOS
- Is córas oibriúcháin é MS-DOS nó Microsoft Disk Operating System ó Microsoft. Dhear Bill Gates agus Paul Allen é
- Giotán
- Is é an giotán an t-aonad is lú stórais ar an ríomhaire. Is féidir 2 luach a stóráil in aon ghiotán amháin: 0 nó 1. Ní féidir aon rud fiúntach a stóráil in aonad nach nglacann le níos mó ná dhá luach. Dá bhrí sin, bailítear giotáin le chéile ina n-aonaid níos mó le gur féidir níos mó luachanna a stóráil iontu. Is é an beart an bailiúchán giotán is coitianta. Tá 8 ngiotán in aon bheart amháin
- Idirlíon
- Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí
- Vicipéid
- Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
- Monatóir (ríomhaireacht)
- Is é an monatóir an príomhghléas aschuir a bhíonn ag ríomhaire. Ar feadh na mblianta, bhíodh monatóirí bunaithe ar an dteicneolaíocht feadán ga‑chatóideach (CRT). Cé go bhfuil siad seo in úsáid fós, tá formhór na gceann nua bunaithe ar theicneolaíocht an LCD. Tá siad seo in úsáid i ríomhairí glúine ar feadh na mblianta ach is iad an gnáthrogha le ríomhairí deisce anois de bharr titim i gcostais déantúsaíochta agus go mbíonn níos lú spáis agus níos lú cumhachta ag
- Trumpa
- Is uirlis cheoil é an trumpa. Uirlis phráis atá ann. Trí chomhla aige. Úsáidtear i ngach ceolfhoireann é. Téánn stair an trumpa siar go dtí 3500 RC ar a laghad