2010 Top Ten of Conflict for Technology

Vicipéid
Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc
Idirlíon
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí
WikiLeaks
Is éard is atá i gceist le WikiLeaks ná eagraíocht idirnáisiúnta,a bunaíodh sa Íoslainn, a fhoilsíonn aighneachtaí gan ainm agus doiciméid sceite de cháipéisí íogaire ó rialtais agus eagraíochtaí eile, agus ag an am céanna a chaomhnaíonn anaithnideacht a bhfoinsí
Giotán
Is é an giotán an t-aonad is lú stórais ar an ríomhaire. Is féidir 2 luach a stóráil in aon ghiotán amháin: 0 nó 1. Ní féidir aon rud fiúntach a stóráil in aonad nach nglacann le níos mó ná dhá luach. Dá bhrí sin, bailítear giotáin le chéile ina n-aonaid níos mó le gur féidir níos mó luachanna a stóráil iontu. Is é an beart an bailiúchán giotán is coitianta. Tá 8 ngiotán in aon bheart amháin
Córas Suite Domhanda
Is éard atá i gceist leis an gCóras Suite Domhanda (CSD) ná córas domhanda loingseoireachta satailítbhunaithe a chuireann eolas iontaofa suímh agus ama ar fáil don úsáideoir i dtaobh gach áit ar dhroim an Domhain nó in aice leis, ar acht is go bhfuil radharc ag ceithre shatailít, nó níos mó, ar an áit atá i gceist. Is é rialtas na Stát Aontaithe a choinníonn an córas seo ag imeacht, ach tá rochtain ag gach duine air a bhfuil glacadóir Córais Shuite Dhomhanda aige. Ba í Roinn
Mozilla Firefox
Is brabhsálaí idirlín saor trasardáin grafach é Mozilla Firefox atá forbartha leis an Mozilla Foundation saorálaí. Bhí 17.76% do daoine taifeada ag úsáid Firefox de réir suirbhé Aibreán 2008, Ciallaíonn sé sin go úsáidtear Firefox ag timpeall 70 milliún daoine. Is é Firefox an dara brabhsálaí sa domhain tar éis Internet Explorer
MS-DOS
Is córas oibriúcháin é MS-DOS nó Microsoft Disk Operating System ó Microsoft. Dhear Bill Gates agus Paul Allen é
Traein
Is modh iompair í traein a úsáideann inneall agus carráistí ag rith ar ráillí
Tram
Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa Bhéarla nó Strassenbahn sa Ghearmánais orthu. Tá córas breá traim ag Heilsincí, ar é an príomhchóras taisteal in ardchathair na Fionlainne é. Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain
Dlúthdhiosca
Is é atá i ndlúthdhiosca (DD) ná diosca a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.5 orlach ar leithead, agus 1 mm ar tiús. Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre. Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire. Déanann