2010 Top Ten of Conflict for Religion
- Eaglais Fhíor Íosa
- Is eaglais neamh-shainchreidmheach neamhspleách í Eaglais Fhíor Íosa, (真[Zhēn]
耶[Yē]
穌[sū]
教[Jiào]
會[Huì]) a bunaíodh i mBéising, an tSín, i 1917. Gluaiseacht a tosaíodh le leas a chur ar an Eaglais Protastúnach atá ann, ach a d´fhág An Áise scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh de
- An tIoslam
- Is é an tIoslam an dara reiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair. Tugtar Moslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiún aondiach é an tIoslam, is é sin go gcreidtear gurb ann d'aon Dia amháin, agus gur nocht sé a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Mohammad an duine deireanach acu. Is é an Córan leabhar naofa an Ioslaim. Tá áit an-lárnach ag an gCóran san Ioslam, ó chreideann an Moslamach fíréanta gur teachtaireacht atá
- An Bíobla
- Is éard atá sa Bhíobla ná focal Dé, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in
- Ár nAthair
- Is é an tÁr nAthair paidir bhunúsach an chreidimh Chríostaí. De réir an tSoiscéil, d'fhiafraigh na hAspail d'Íosa, conas ba chóir dóibh bheith ag guí. Tá an phaidir seo thíos bunaithe ar an leagan Laidine den Bhíobla, agus é oifigiúil san Eaglais Chaitliceach
- Ord rialta
- Is comhphobail fir nó mná atá ina gcónaí le chéile faoi riail coitinn é Ord Rialta. Tá tábhacht faoi leith ag an saol rialta i measc na mBuideach, san Críostaíocht, san traidisiún Sufi an Ioslaim, agus reiligiúin eile ar fud an domhain
- An Córan
- Is é an Córan, nó an Córán, leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chóran san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Moslamach fíréanta gurb é an Córan briathar neamhthruaillithe Dé, agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chórain a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCóran Araibise mar fhíor-leabhar naofa. Rinne Muid Córan Araibise de, ionas go dtuigfeadh
- Naomh Peadar
- Ba é Naomh Síomón Peadar ceannaire na n-aspal ag Íosa Críost. Rugadh é i mBeitsaide na Gailíle timpeall am Chríost. Bhí sé ina iascaire nuair a ghlaoigh Críost air agus a dheartháir Aindriais, a bhíodh ina dheisceabal Eoin Baiste roimhe. Tá pictiúr níos iomláine againn ar Pheadar ó na ceithre shoiscéal nó mar atá ar na haspail eile. Cé go suntasach gurbh eisean an ceannaire ar an dáréag, shéan sé a mháistir faoi thrí le linn na páise
- Sóróstarachas
- B'é an Sóróstarachas reiligiún oifigiúil na Peirse seanársaí. Creidtear gurb é an creideamh is sine sa domhan atá bunaithe ar phrionsabal an aondiachais. Fuair an creideamh a ainm óna fháidh Sorastar nó Zoróstar. Creidtear gur mhair Sorastar am éigin idir na blianta 1500 agus 1250 roimh bhreith Chríost, agus gurbh eisean a scríobh na Gataí, arb iad an chuid is sine den Aivéasta, leabhar naofa an tSóróstarachas
- An Hiondúchas
- Is traidisiún spioradálta aondiach oirthearach é an Hiondúchas. Sa lá atá inniu ann, is é an tríú creideamh is mó ar domhan, agus ceann de na reiligiúin is sine ar domhan. D'imir an Hiondúchas tionchar mór ar reiligiúin eile, mar shampla an Búdachas, an Saíceachas agus an Seaineachas
- Pápa
- Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013