2010 Top Ten of Conflict for History

Cogadh na Saoirse (Éire)
Tugtar Cogadh na Saoirse, 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí
Réabhlóid na Fraince
B'eachtra agus tréimhse an-tábhachtach í Réabhlóid na Fraince (1789-1799) i stair na Fraince agus stair na hEorpa ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh an tsochaí
Pálás Versailles
Seanphálás ríoga de chuid na Fraince is ea Pálás Versailles. Tá sé lonnaithe in Versailles, áit atá ina bruachbhaile de Pháras anois. Tosaíodh ar an bPálás a thógáil le linn Laoiseach XIV agus rinneadh lárionad cumhachta de do mhonarcacht absalóideach na Fraince, réimeas a mhair go dtí Réabhlóid na Fraince. Tá tarraingt na dturasóirí san áit go fóill
Skåneland
Skåneland, nó Skånelandskapen, is ea na hainmluachanna eolaíocha Sualannacha a úsáidtear chun sainaithint a dhéanamh ar na tailte stairiúla i ndeisceart na Sualainne a bhí i seilbh Danair san 800ú aois
Sparta
Bhí Sparta ar na cathairstáit ba chumhachtaí sa tSean-Ghréig, maraon leis an Aithin. Bhí clú ar a chuid laochra, go háirithe mar gheall ar Chath Thermopylae
Uileloscadh
Is é an tUileloscadh an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí áirithe eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré
Impireacht na Rúise
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é
Saorstát Éireann
Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann, ar an 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mhair an Saorstát go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937
Dara Cogadh Domhanda
Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fichiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh san Eoraip ar 1 Meán Fómhair 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar
Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe
Cogadh ab ea Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe (1861–1865) a cuireadh taobh istigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is gnách "an Tuaisceart" agus "an Deisceart" a thabhairt ar dhá thaobh an chogaidh, sin nó "an tAontas" agus "an Chónaidhm". Is é is bunús leis na hainmneacha seo ná gurbh iad na 23 stát ar thaobh an Tuaiscirt na cinn a chloígh le bunreacht na Stát Aontaithe, agus gur scar an t-aon stát déag eile ón Aontas seo sna blianta 1860-1861 le poblacht fheidearálach nua, mar atá, "Stáit