2010 Top Ten of Conflict for Health

Díbholaíoch
Is leacht nó ábhar é díbholaíoch a chuirtear ar an gcorp, go háirithe sna hascaillí, chun tuth an allais a laghdú nó chun é a mhúchadh
Fiabhras léana
Is éard atá i gceist leis an bhfiabhras léana ná áthlasadh ailléirgeach in aerbhealaí na sróine
SEIF
Seasann na litreacha SEIF don siondróm easpa imdhíonachta faighte. Is é atá ann ná cnuasach d'airíonna, tholgáin agus ionfhabhtuithe a thagann ar an duine de thoradh an dochar ar leith a dhéanann an Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna nó an VEID dá chóras imdhíonachta. Fágann céim dheireanach an tsiondróim an t-othar gan imdhíonacht ar bith ar tholgáin agus sceachaillí a thapaíonn an deis
Néareolaí
Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn mórán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
Comhairleoir leighis
Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
Liacht bhan
Tugtar liacht bhan nó gínéiceolaíocht ar an gcraobh den leigheas a bhaineann le galair agus mífheidhmiú chórais giniúna ban. Lia ban a thugtar ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar mhná le béim ar a mbaill giniúna
Máinliacht
Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é
Cnáimhseachas
Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas
Néareolaíocht
Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
Síciatracht
Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne