2010 Top Ten of Conflict for Geography

An Nua-Shéalainn
Tír sa leathsféar theas is ea an Nua-Shéalainn. Tá dhá phríomhoileán agus a lán oileán beag inti. Is daonlathas parlaiminteach í. Is ball den Chomhlathas í. Tá sí freagrach as na stáit fhéinrialacha Oileáin Cook agus Niue. Riarann sé Oileáin Tócalá agus Spleáchríoch Ross. Tugtar Aotearoa ar an Nua-Shéalainn i Maorais, teanga na bPolainéiseach a chuir fúthu inti corradh is míle bliain ó shin
An Eoraip
Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch na hEoráise a aithint
An Bhealarúis
Is tír í an Bhealarúis atá suite in Oirthear na hEorpa, agus í ag críochantacht leis an Rúis, leis an Liotuáin, leis an Úcráin, agus leis an Laitvia. Is í Mionsc an phríomhchathair, agus cathracha tábhachtacha eile is ea iad Biareście, Hrodna, Homiel, Mahiloŭ, agus Viciebsk. Is é an t-ainm oifigiúil Poblacht na Bealarúise, ach is gnách An Bhealarúis (Беларусь/Biełaruś) a thabhairt ar an tír go simplí. Tá an tír lán coillte, agus 9,498,700 duine ina gcónaí ansin
Caerdydd
Is é Caerdydd  Fuaimniú príomhchathair na Breataine Bige. Rinneadh cathair di sa bhliain 1905 agus an phríomhchathair sa bhliain 1955. Tá daonra 361,469 (2016) ann. Tá sé suite i ndeisceart na tíre, le calafort breá. Tháinig sé ar aghaidh sa 19ú hAois, leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar go raibh saibhreas guail agus iarainn i ngleannta deiscirt na Breataine Bige. Níl an Bhreatnais ach ag 11% den daonra ach í ag fás arís de réir a chéile. Tháinig méadú 14,451 duine ar líon na
An Svahaílis
Teanga Bhantúch í an Svahaílis a labhraítear in Oirthear na hAfraice. Is dócha nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag cúig mhilliún duine, ach tá glacadh forleathan léi mar fhrancbhéarla, is é sin, mar theanga comhchaidrimh idir daoine a labhraíonn teangacha éagsúla Bantúcha, agus mar sin, is dócha go bhfuil an deich n-oiread eile in ann comhrá líofa a dhéanamh trí mheán na Svahaílise. Tá teanga Bhantúch éigin eile ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir Oirthear na hAfraice, rud a
Champs-Élysées
Is bóthar mór é Champs-Élysées i bPáras. Tá an Arc de Triomphe lonnaithe ar bharr na sráide seo. Ag bun na sráide tá Place de la Concorde
Londain
Is í Londain príomhchathair Shasana agus na Ríochta Aontaithe
An Chirgeastáin
Tír iar-Shóivéadach i lár na hÁise is ea Poblacht na Cirgise. Tá sí ag críochantacht leis an Úisbéiceastáin, leis an gCasacstáin, leis an Táidsíceastáin, agus leis an Sín. Ar nós an chuid is mó de na poblachtaí iar-Shóivéadacha i lár na hÁise, labhraítear teanga Thurcach inti, teanga a dtugtar Cirgis (Chirgíz) uirthi
An Bhoisnia-Heirseagaivéin
Is poblacht chónasctha í an Bhoisnia-Heirseagaivéin, arb iar-Phoblacht de chuid na hIúgslaive í sna Balcáin. Tá an tír seo suite in oirdheisceart na hEorpa in aice leis an gCróit sa tuaisceart agus san iarthar, An tSeirbia san oirthear, agus le Montainéagró sa deisceart. Níl ach sé chiliméadar fichead de chósta ag an tír seo, timpeall chathair Neum
An tSeapáin
Is tír in oirthuaisceart na hÁise í an tSeapáin. Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine