2009 Top Ten of Polemic for Religion

Naomh Aindrias
Is é Naomh Aindrias éarlamh na hAlban, na Rúise agus na Romáine. Is é a chroch ná 'Croch Naoimh Aindrias' agus is é bratach na hAlban. Tháinig cuma an chroich ón scéal gur maraíodh é ar croch trasnán
Eoleolaíocht
Is í an Eoleolaíocht nó Eaglais na hEoleolaíochta an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna
Bráithreachas Sagartúil Naomh Peadair
Bunaíodh Bráithreachas Sagartúil Naomh Peadair ar an 18 Iúil 1988, tar éis do scata beag sagairt agus ábhar-sagairt Cumann Pius X a fágáil nuair a cuireadh coinneal-bhá ar an Ardeaspag Marcel Lefebvre. Bhí an grúpa seo i dteagmháil leis an Cairdinéal Ratzinger agus an Msr Josef Stimpfle, Easpag Augsburg. Chuireadh fúthu i Wigratzbad na Baváire i ndeoise Augsburg. Ar 18 Deireadh Fómhair 1988, tugadh aitheantas dóibh mar chumann cléire na beatha aspalda de réir dleachta pontifiúil
An Chríostaíocht
Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua
Leabhar Gheineasas
Is é Geineasas an chéad leabhar sa Bhíobla agus sa Sean-Tiomna. Is é is príomhábhar dó ná cruthú an domhain agus an gheallúint a chuir tús le hIosrael mar phobal Dé. Is é an t-ainm Eabhraise atá ar Gheineasas ná Bereshit, nó "ar dtús": be-reshit bara elohim.... Is féidir dhá scéal difriúil a aithint i nGeineasas: i dtús báire, tugtar cur síos ar an dóigh ar chruthaigh Dia an domhan agus an duine, agus ina dhiaidh sin, cromann an téacs ar chúrsaí na bpatrarc a phlé, is é sin
An tIoslam
Is é an tIoslam an dara reiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair. Tugtar Moslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiún aondiach é an tIoslam, is é sin go gcreidtear gurb ann d'aon Dia amháin, agus gur nocht sé a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Mohammad an duine deireanach acu. Is é an Córan leabhar naofa an Ioslaim. Tá áit an-lárnach ag an gCóran san Ioslam, ó chreideann an Moslamach fíréanta gur teachtaireacht atá
Naomh Pádraig
Is é aspal náisiúnta na nGael é Pádraig Mac Calprainn, ar a dtugtar Naomh Pádraig nó Pádraig Naofa. Thug sé an Chríostaíocht go hÉirinn
Sorastar
B'é Sorastar, nó Zoróstar nó Zarathustra, nó Zartosht, an fáidh seanársa Iaránach a chuir tús leis an Sóróstarachas. B'é an Sóróstarachas reiligiún náisiúnta na Peirse nuair a bhí an rítheaghlach Sasánach á rialú. Inniu, is iad na Parsaigh san India is mó a urramaíonn Sorastar
Dia
Sna reiligiúin aondiachais, is é Dia an neach osnádúrtha a chuir tús leis an saol agus leis an domhan. Glactar leis go bhfuil sé uilechumhachtach uilefheasach, is é sin, gur féidir leis súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil go léir, a rogha cuma a chur orthu agus a rogha cor a chur i do chinniúint. Glactar leis freisin go raibh sé ann roimh thús na cruinne agus gurb eisean is foinse do gach moráltacht
An Búdachas
Is reiligiún é an Búdachas a chleachtar in Oirthear na hÁise thar aon réigiún eile ar domhan. Cuireann an creideamh seo béim ar an rinnfheitheamh agus ar an soilsiú is toradh don rinnfheitheamh. Tá an creideamh bunaithe ar theagasc Siddhartha Gautama, an chéad Bhúda - is é is brí leis an téarma sin "Búda" ná "an té a mhúscail", "an té atá ina dhúiseacht". Tháinig sé ar an bhfód san áit a bhfuil Neipeal inniu, agus chaith sé conablach a shaoil i dTuaisceart na hIndia ag teagasc