2009 Top Ten of Conflict for Society

Caipitleachas
Is córas eacnamúil é an caipitleachas, a mbíonn's cosaint faoi dhlí ar réadmhaoin phríobháideach
Teangacha Slavacha
Foghrúpa de chuid na dteangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Slavacha. Tá gaol sách dlúth ag na teangacha seo go léir le chéile, rud atá so-aitheanta ag aon duine a bhfuil salacharaíl éigin i gceann de na teangacha seo aige - is é sin, ní chaithfidh sé a bheith ina theangeolaí oilte
UNESCO
Is gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a bunaíodh sa bhliain 1945 é UNESCO nó EOECNA nó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe
Microsoft
Is é Microsoft an comhlacht bogearraí is mó ar domhan. Bhunaigh Paul Allen agus Bill Gates é i 1975. Tá bogearraí Microsoft le fáil i bhformhór na ríomhairí pearsanta ar fud an domhain. Is éard is cúis leis sin greim chomh docht sin a bheith ag Microsoft ar mhargadh na gcóras oibriúcháin trí chóras Windows agus trí Microsoft Office go háirithe. Ar na táirgí atá ar fáil tá an próiseálaí focal Microsoft Word, an scarbhileog Microsoft Excel, an pacáiste taispeántais Microsoft
An Araibis
Is í an Araibis an ceann is mó cainteoirí dúchais de na teangacha Seimíteacha
An Béarla
Is teanga Ghearmáinice é an Béarla (English) nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine Móire
Uathachas
Mí-ord le fadhbanna iompair agus teanga is ea an t-Uathachas, nó riocht ina bhfeidhmíonn duine go mínormálta in idirghníomhú sóisialta, le hiompar athdhéahta is cumarsáid fhabhtach, a thosaíonn roimh 3 bliana d'aois
Stair
Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis "Histoire" a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Gréigise ἱστορία, historia, a chiallaíonn eolas a fuarthas trí imscrúdú. Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a chur síos agus staidéar a dhéanamh orthu, nó is féidir dian-staidéar a dhéanamh ar thír, ar bhaile, ar dhuine, nó ar cheird nó aon gné eile den saol thar am
Wall Street
Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua Eabhraic, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall
Na Náisiúin Aontaithe
Bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1945. Fóram is ea na Náisiúin Aontaithe inar féidir leis na 193 ballstát ceisteanna deacra a ardú agus a phlé, fadhbanna cogaidh agus síochána ina measc. Chomh maith leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú ar domhan, cosnaíonn Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cearta an duine, tugann sí cabhair dhaonnúil, cuireann sí an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn agus seasann sí leis an dlí idirnáisiúnta