2009 Top Ten of Conflict for History

Dara Cogadh Domhanda
Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fichiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh san Eoraip ar 1 Meán Fómhair 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar
Impireacht na Rúise
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é
1ú haois RC
KGB
Seasann na litreacha cinniúnacha úd KGB do Комитет государственной безопасности/Komitet gosudarstvennoy bezopasnosti, is é sin, Coiste Slándála an Stáit. B'é an coiste seo an scátheagras a chuimsigh rúnseirbhís, póilíní rúnda agus seirbhísí faisnéise an Aontais Shóivéadaigh sna blianta 1954-1991
An Chéad Chogadh Domhanda
Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhanda nó an Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh
Cogadh na Saoirse (An Spáinn)
Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne nó Cogadh na Leithinse, cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814
Cinedhíothú na nAirméanach
Is é Cinedhíothú na nAirméanach an ródach a rinneadh ar phobal Airméanach na Tuirce sna blianta 1915-17, nuair a bhí páirtí na dTurcach Óg i gceannas ar Impireacht Otamánach
Ionsaithe 11 Meán Fómhair
Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair ná sraith de cheithre ionsaí sceimhlitheoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslamach sceimhlitheoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001. Maraíodh 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe. Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún
Sun Tzu
Ginearál agus straitéisí míleata Síneach ab ea Sun Tzu nó Sun Wu. Tá cáil ar leith air as an leabhar dá chuid, Ealaíon na Cogaíochta. Déanann an leabhar áirithe seo cur síos ar na nithe atá ag teastáil chun an leas is fearr a bhaint as an gcogaíocht ar mhaithe le bua tapa neamhchostasach a fháil
An Éigeandáil
An Éigeandáil nó Ré na Práinne, a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart Éireann ag glacadh páirt sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát, taobh amuigh den chogadh go hoifigiúil. Mar sin féin, ba neodracht bhréige í ar a lán slite má chuimhnítear ar an bhfaisnéis mhíleata a thugadh rialtas na hÉirinn don Bhreatain agus ar an líon mór fear ón Saorstát a liostáil i bhfórsaí