2009 Top Ten of Conflict for Health

Máinliacht
Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é
An tAntrasc
Galar géar tobann dainséarach é an t-antrasc a bhuaileann idir dhaoine agus ainmhithe. Is é an baictéar úd Bacillus anthracis is cúis leis. Tá vacsaíní maithe ann leis an antrasc a chosc roimh ré, agus is féidir tréithchineálacha áirithe a chloí le hantaibheathaigh, ach tríd is tríd, is galar tromchúiseach é ar fearr gan é a tholgadh. Cosúil lena lán baictéar eile den ghéineas úd Bacillus, is féidir leis an antrasc spóir shuanacha a dhéanamh a mhaireann na scórtha bliain ag
Néareolaíocht
Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
Scorbach
Is éard is scorbach ann ná galar a thagann ar dhaoine nach bhfuil ag fáil a ndóthain vitimín C as a gcuid bia. Is iad na hairíonna a bhaineann leis an scorbach ná spotaí sa chraiceann agus cur fola na seicní smugacha. Má fhágtar an galar ag dul chun donais, tosóidh an drandal ag cur fola freisin, agus na fiacla ag titim amach. Iompóidh na spotaí sa chraiceann ina gcneánna oscailte, agus sa deireadh, gheobhaidh an t-othar bás
Fliú Spáinneach
Paindéim fliú ollmhór, idir Feabhra 1918 agus Aibreán 1920, ab ea an Fliú Mór, nó an Fliú Spáinneach. Scaip an phaindéim ar fud an domhain agus fuair 17 milliún bás dá bharr ar a laghad, ach b'fhéidir i bhfad níos mó, agus níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtína dheireadh.. Bhain an phaindéim sin craitheadh uafásach as an domhan
Comhairleoir leighis
Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
Cnáimhseachas
Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas
Liacht bhan
Tugtar liacht bhan nó gínéiceolaíocht ar an gcraobh den leigheas a bhaineann le galair agus mífheidhmiú chórais giniúna ban. Lia ban a thugtar ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar mhná le béim ar a mbaill giniúna
Síciatracht
Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
Néareolaí
Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn mórán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne