2008 Top Ten of Polemic for Technology
- Teicneolaíocht
- Craobhacha den eolaíocht a bhfuil feidhmeanna fóinteacha ag baint leo
- Vicipéid
- Is ciclipéid ar líne é an Vicipéid atá scríofa agus á chothabháil ag pobal oibrithe deonacha, ar a dtugtar Vicipéideoirí, trí chomhoibriú oscailte agus trí úsáid a bhaint as córas eagarthóireachta vicí-bhunaithe ar a dtugtar MediaWiki.
Is í an Vicipéid an saothar tagartha is mó agus is mó léite sa stair, agus i rith an ama bhí sí ar cheann de na 10 suíomhanna gréasáin is mó tóir. Cruthaithe ag Jimmy Wales agus Larry Sanger ar 15 Eanáir, 2001, tá sé á óstáil ag an
- Google
- Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California
- Brabhsálaí Gréasáin
- Is éard atá i gceist le brabhsálaí Gréasáin ná an píosa bogearra a úsáidtear chun leathanaigh ghréasáin HTML ar an Ghréasáin a léamh
- Bebo
- Is láithreán líonraithe shóisialta é Bebo ar an idirlíon. Ligtear do na daoine atá páirteach ann labhairt lena gcairde, cluichí a imirt agus féachaint ar Bebo TV. Thosaigh sé i Meiriceá, ach tháinig méadú mór ar an tóir a bhí air in Éirinn, idir 2005 agus 2006. Tá sé an-chosúil le MySpace, FriendStar agus Facebook. Deirtear gurb é an 174ú láithreán gréasáin Béarla is mó éileamh ar domhan
- HTML
- Is í an Teanga Mharcála Hipirtéacs, nó HTML ceann de na teangacha marcála is bhunúsaigh san Idirlíon. Úsáidtear an teanga chun marcáil a dhéanamh ar cháipéisí agus is féidir le brabhsálaithe Ghréasáin an teanga seo a thuiscint is na cáipéisí a thaispeáint de réir an mharcála, le ceannlínte, cló Iodálacha, íomhánna, srl
- Bunachar sonraí
- Séard is bunachar sonraí ann ná bailiúchán leictreonach de shonraí atá gaolmhar go loighciúil lena chéile. San áireamh leis seo, bíonn sainmhíniú de leagan amach na sonraí. Bíonn an sainmhíniú seo deartha le riachtanais eolais na heagraíochta a shásamh
- Iompar
- Tá córais iompair againn ó bhain an chéad duine feidhm as crann snámha nó ó d'iompair an chéad bhean a leanbh
- COBOL
- Is teanga ríomhchlárúcháin den tríú glúin é COBOL agus is ceann de na teangacha is sine atá fós in úsáid. Is acrainm é an t-ainm do COmmon Business-Oriented Language, agus úsáidtear é le haghaidh bogearraí a chruthú do ghnó, institiúidí airgeadais agus córais riaracháin do chomhlachtaí agus rialtais
- Stílbhileoga cascáideacha
- Is teanga stílbhileoga í Stílbhileoga Cascáideacha nó Cascading Stylesheets (CSS) a úsáidtear i bhforbairt bogearraí don Ghréasán le haghaidh cur síos a dhéanamh ar cháipéis atá scríofa i dteanga mharcála. Úsáidtear don chuid is mó í le haghaidh leathanaigh atá scríofa i HTML nó XHTML a stíleáil ach is féidir í a chur i bhfeidhm ar aon cháipéis XML, SVG agus XUL ina measc