2008 Top Ten of Polemic

Camus
Baile in iarthar Chontae na Gaillimhe is ea Camus nó Camas a chiallaíonn "cam uisce" mar gheall ar chasadh an uisce sa gceantar.. I láthair na huaire níl aon siopa ceart ann, ach tá séipéal agus dhá bhunscoil ann, maraon le hionad pobail, Tearmann na Foirnéise. Tá dhá phríomhroinn i gCamas, Camas Uachtair agus Camas Íochtair, agus tá fobhailte eile mar Leitir Mucú, Leitir Mór na Coille, Leac a' Dona, Scríb, Gleann Trasna, Muiceanach idir Dhá Sháile agus Cinn Mhara san áireamh freisin i
Réigiún na Vallúine
Réigiún i ndeisceart na Beilge is ea Réigiún na Vallúine. An Fhraincis is mó a labhraítear sa réigiún ar na saolta seo, ach ina dhiaidh sin féin chloisfeá seanchanúint an réigiúin, an Vallúinis, in áiteanna i gcónaí. Ceann de na langues d'oïl í an Vallúinis, is é sin, teanga a bhfuil gaol réasúnta dlúth aici leis an bhFraincis. Labhraítear Gearmáinis in oirthear na Vallúine, agus tá rialtas áirithe dúchais ag lucht na Gearmáinise i gcúrsaí cultúrtha: go bunúsach
Baile an Teampaill
Is bruachbhaile de chuid Chorcaí é Baile an Teampaill atá suite in oirthear na cathrach cois Laoi idir Corcaigh agus an Charraig Dhubh. Uair dá raibh, bhí Baile an Teampaill ina shráidbhaile scartha ó Chorcaigh ach inniú tá sé ceangailte leis an cathair
Trieste
Cathair Iodálach is ea Trieste agus í suite in aice le teorainn na Slóivéine. Chaith James Joyce seal ina chónaí ansin, i dtús na fichiú haoise, agus é ag múineadh Béarla lena chuid a shaothrú. Is í Trieste príomhchathair réigiún Friuli-Venezia Giulia
Coláiste na Carraige Duibhe
Meánscoil phríobháideach do bhuachaillí is ea Coláiste na Carraige Duibhe agus é suite san áit a bhfuil an t-ainm céanna uirthi. Tá clú agus cáil ar an scoil ar fud na hÉireann mar áit mhór rugbaí. Sa bhliain 2005, chaithfeá €4,550 a íoc mar tháille iontrála sa scoil. Osclaíodh an scoil sa bhliain 1860, agus inniu, tá thart ar mhíle dalta ag freastal ar an gcoláiste. Is é Alan MacGinty atá ina Phríomhoide ar an scoil inniu. Gach bliain, déanann daltaí na scoile an obair
Breandán Ó Doibhlin
Is urscéalaí, drámadóir, criticeoir, agus ollamh Éireannach é Breandán Ó Doibhlin. Rugadh é i dTír Eoghain i 1931. Bhí sé ina Ollamh le Fraincis i Maigh Nuad agus bhí an-bhaint aige le scoil chritice nua sa Ghaeilge. Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) agus An Branar gan Cur (1979) na saothair is cáiliúla dá chuid
Teicneolaíocht
Craobhacha den eolaíocht a bhfuil feidhmeanna fóinteacha ag baint leo
Néareolaí
Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn morán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
Stair na heolaíochta agus na teicneolaíochta
Is corpas eolas eimpíreach an eolaíocht, pobal domhanda scoláirí, agus teicnící a bhfuil aithne orthu faoin ainm an modh eolaíoch. Déanann stair na heolaíochta staidéar ar na feiniméin seo, siar ar ais go dtí an réamhstair
Páirc Pharnell
Staid spóirt atá suite i nDomhnach Cearnaigh, Contae Átha Cliath, Éire í Páirc Pharnell. Eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael cluichí Gaelacha sa pháirc seo, agus is í staid bhaile CLG Chontae Bhaile Átha Cliath í. Peil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht na spóirt is mó a imrítear ann. Tá ceanncheathrú an CLG sa chontae suite ann fós