2008 Top Ten of Conflict for Religion
- Cáisc
- Féile Chríostaí is ea an Cháisc, agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá
- An tIoslam
- Is é an tIoslam an dara reiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair. Tugtar Moslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiún aondiach é an tIoslam, is é sin go gcreidtear gurb ann d'aon Dia amháin, agus gur nocht sé a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Mohammad an duine deireanach acu. Is é an Córan leabhar naofa an Ioslaim. Tá áit an-lárnach ag an gCóran san Ioslam, ó chreideann an Moslamach fíréanta gur teachtaireacht atá
- An Chríostaíocht
- Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua
- Ord rialta
- Is comhphobail fir nó mná atá ina gcónaí le chéile faoi riail coitinn é Ord Rialta. Tá tábhacht faoi leith ag an saol rialta i measc na mBuideach, san Críostaíocht, san traidisiún Sufi an Ioslaim, agus reiligiúin eile ar fud an domhain
- Leabhar Gheineasas
- Is é Geineasas an chéad leabhar sa Bhíobla agus sa Sean-Tiomna. Is é is príomhábhar dó ná cruthú an domhain agus an gheallúint a chuir tús le hIosrael mar phobal Dé. Is é an t-ainm Eabhraise atá ar Gheineasas ná Bereshit, nó "ar dtús": be-reshit bara elohim.... Is féidir dhá scéal difriúil a aithint i nGeineasas: i dtús báire, tugtar cur síos ar an dóigh ar chruthaigh Dia an domhan agus an duine, agus ina dhiaidh sin, cromann an téacs ar chúrsaí na bpatrarc a phlé, is é sin
- Opus Dei
- Is eagraíocht é Opus Dei nó Praelatura Sanctae Crucis et Opus Dei. Bhunaigh an sagart Josemaría Escrivá Opus Dei sa bhliain 1928 i Maidrid na Spáinne
- Carghas
- Tréimhse liotúrgach troscadh agus tréanais is ea an Carghas sna heaglaisí Críostaí. Maireann sé ó Céadaoin an Luaithrigh go dtí an Cháisc, agus tá a mbealaí féin ag na haicmí éagsúla creidimh chun na dátaí a ríomh. De réir an Nuathiomna chaith Íosa Críost daichead lá sa bhfásach agus an Diabhal ag cur cathú air, agus is i gcuimhne air seo a bhíonn lucht creidimh ar troscadh agus ar tréanas sa tréimhse seo, mar íobairt agus mar phionós sula ndéantar aiséirí Chríost a
- Preispitéireachas
- Is éard atá sa Phreispitéireachas ná cineál Protastúnachais agus foirm rialtas eaglaise. Tá na heaglaisí Preispitéireacha i measc na neaglaisí atá bunaithe ar mhúineadh Eoin Cailvín. Tá na Cúig Sola i measc phríomhphrionsabail an Phreispitéireachais .i. sola scriptura, sola gratia, soli Deo gloria, sola fide, agus solo Christo
- Mosc
- Is áit adhartha na Moslamach, lucht leanúna an reiligiúin Ioslam, é mosc. De ghnáth, úsáideann na Moslamaigh an t-ainm Arabach masjid. Is é an Masjid al-Haram mosc i Meice, An Araib Shádach an chéad mosc a bunaíodh
- Lá Fhéile Pádraig
-
Déanann pobal na hÉireann ceiliúradh ar an 17ú lá de Mhárta ar Lá Fhéile Pádraig. Deirtear gur cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo.. Déantar ceiliúradh ar chultúr, teangacha, spórt, reiligiúin agus ceol na tíre. Tá an fhéile Seachtain na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh