2008 Top Ten of Conflict for Philosophy

Nihilí
Is é is nihilí ann ná duine a thacaíonn leis an nihileachas, is é sin, le fealsúnacht an éadóchais. Is iad na seasaimh is dual don nihilí a ghlacadh ná:nach bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil Dia nó cruthaitheoir ann;nach bhfuil moráltacht ann, agus mar sin, nach fiú aon ghníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh de rogha ar aon rud eile;nach bhfuil cuspóir ar bith leis an saol
Ointeolaíocht
San fhealsúnacht, is ionann an ointeolaíocht agus -λογία: eolaíocht, staidéar, teoiric) agus an taighde a dhéantar ar an mbeith nó ar an eiseadh, agus is é atá idir lámhaibh ag na hointeolaithe ná bunchatagóirí agus bunchoibhnis na beithe nó an eisidh le bheith in ann beitheanna agus cineálacha de bheitheanna a shainmhíniú taobh istigh d'fhráma na réaltachta. Is féidir a rá gurb é an dóigh a gcoincheaptar an réaltacht is ábhar staidéir don ointeolaí
Coimeádachas
Is dearcadh polaitíochta é an coimeádachas a chuireann an bhéim ar chaomhnú na bhfiúntas traidisiúnta. Tá sé ar an taobh eile den speictream polaitíochta ón dearcadh radacach
Fealsúnacht
Is éard atá san fhealsúnacht ná iarracht ar dhul amach ar an saol agus brí a bhaint as trí réasúnaíocht agus trí dhíospóireacht. Ní hionann an tuiscint atá ag fealsúna ar an saol i ngach aois, ach is gnách leis na scoileanna fealsúnacha is déanaí feidhm a bhaint as a ndúirt na scoileanna a tháinig rompu, fiú más le fonn sáraíochta é
An Platónachas
Mórscoil fhealsúnach de chuid na sean-Ghréige is ea an Platónachas, agus é bunaithe ar theagasc Phlatón, fealsamh a mhair san Aithin
Fírinne
Tugann an lucht fealsúnachta fírinne ar an gcoincheap gur féidir leis an duine cinneadh a dhéanamh an bhfuil rud éigin fíor nó nach bhfuil. Is cuid den díospóireacht idir fealsúna, diagairí is loighiceoirí í an cheist "cad is fírinne ann
Aindiachas
Seasamh fealsúnach é An tAindiachas, ina maítear nach bhfuil aon Dia ná Ard-Bheith ann. Tugtar Aindiachaí ar dhuine a leanann an fhealsúnacht seo. Is minic go gcuirtear ina leith gur creideamh atá ann, amhail creideamh spioradálta ar bith, ach maíonn na haindiachaithe féin gur cruinne 'easpa creidimh' a thabhairt air