2007 Top Ten of Polemic for Technology

Bogearraí
Séard is brí le bogearra ná ríomhchlár a bhronnann gnéithe agus feidhmíochtaí bhreise ar ríomhairí. Ríomhchláir ata ann a choinnítear ar chóras ríomhaireachta agus a ritear chun tascanna ríomhaireachta a chur i gcrích
Vicipéid
Is ciclipéid ar líne é an Vicipéid atá scríofa agus á chothabháil ag pobal oibrithe deonacha, ar a dtugtar Vicipéideoirí, trí chomhoibriú oscailte agus trí úsáid a bhaint as córas eagarthóireachta vicí-bhunaithe ar a dtugtar MediaWiki. Is í an Vicipéid an saothar tagartha is mó agus is mó léite sa stair, agus i rith an ama bhí sí ar cheann de na 10 suíomhanna gréasáin is mó tóir. Cruthaithe ag Jimmy Wales agus Larry Sanger ar 15 Eanáir, 2001, tá sé á óstáil ag an
Vicí
Saghas feidhmchláir Gréasáin is ea vicí a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis, agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú
Ailtireacht x86
Is í an ailtireacht x86 nó 80x86 an t-ailtireacht mhicreaphróiseálaí is coitianta i ríomhairí pearsanta
Heinkel He 178
Ba é an Heinkel He 178 an chéad scairdeitleán a d'úsáid cumhacht innill turbai-fean le haghaidh eitilte, ar an 27 Mí Lúnasa na bliana 1939
AJAX
Is teicníc le haghaidh forbairt Gréasáin é Asynchronous JavaScript And XML, nó a acrainm AJAX, a úsáidtear chun feidhmchláir Ghréasáin idirghníomhacha a chruthú. Is é a chuspóir ná an lód a bhogadh ón bhfriothálaí go dtí ríomhaire an scimeálaí
Scairdinneall
Is inneall é an scairdinneall nó an t-inneall turba-scairde ina súitear aer isteach ann chun tosaigh, comhbhrúitear an t-aer, go hiondúil le ghaothrán, roimh a théann sé ar aghaidh agus isteach i gcuasán dó. Sa chuasán dó, measctar breosla leis agus dóitear an meascán seo. Gineann an próiseas seo sá nó ropadh, de réir Tríú Dlí Newton, nuair a phléascann an gáis an-te amach ar chúl an innill
Ríomhaire
Is é an rud atá sa ríomhaire ná meaisín leictreonach agus é ag láimhdeachas sonraí de réir threoracha réamhdhéanta uimhriúla agus loighciúla. Cuirtear na sonraí isteach, agus i ndiaidh a bpróiséala, baintear na torthaí amach ar shlí éigin
C (Teanga ríomhchlárúcháin)
Is ceann de na teangacha ríomhchlárúcháin is tábhachtaí í C. Chum Dennis M. Ritchie agus Brian W. Kernighan í sna 1970í le rith ar ríomhairí le UNIX. Is é The C Programming Language an leabhar a scríobh siad chun an teanga a chur in áireamh. Tháinig an dara ceann amach mar gheall ar Ansi C, an caighdeán oifigiúil den teanga. Is í C an teanga ríomhchlárúcháin is coitianta le haghaidh bhogearraí córais. Tháinig c++ agus objective-c as, tá objective-c in úsáid san I-Phone
Idirlíon
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí