2007 Top Ten of Conflict for Geography

Stáit Aontaithe Mheiriceá
Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra
An Iaráin
Is tír in iardheisceart na hÁise í Poblacht Ioslamach na hIaráine. Tá teorainneacha aici leis an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Tuircméanastáin sa tuaisceart, an Afganastáin is an Phacastáin san oirthear, agus leis an Tuirc is an Iaráic san iarthar. Tá uiscí na Murascaille roinnte leis an Araib Shádach, Cuáit, Catar, Bairéin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha
Albainis
Labhraítear an Béarla Gallda, ar a dtugtar Béarla na hAlban nó Albainis,, in Albain. Tugtar Lallainnis uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Úsáidtear an téarma Albainis Uladh go hoifigiúil le tagairt don chineál leagain a labhraítear i gCúige Uladh, go háirithe i dTuaisceart Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta, ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é
An India
Is tír í an India i ndeisceart na hÁise. Is í an seachtú tír ar domhain ó thaobh achair de agus an dara tír ó thaobh daonra. Is í an daonlathas is mó ar domhain
An Eilvéis
Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis. Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin
An Ghearmáin
Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin, nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann
An Spáinnis
Is í an Spáinnis nó Caistílis teanga náisiúnta na Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó de Mheiriceá Theas agus Láir. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, i Meicsiceo agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidineach. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Is teanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh na
An Bhrasaíl
Is tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl. Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas í, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach. Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar cheann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na bithéagsúlachta de, chomh maith le tábhacht na gcoillte don atmaisféar. Is í Brasília
An Danmhairg
Is í an Danmhairg an tír Nordach is lú. Tá sí suite i gCríoch Lochlann, i dtuaisceart na hEorpa, idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh, ar leithinis agus ar mhórán oileáin. Tá sí lastuaidh ón Ghearmáin agus ón bPolainn, siar ó dheas ón tSualainn agus ó dheas ón Iorua