2007 Top Ten of Conflict
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra
- An Córan
- Is é an Córan, nó an Córán, leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chóran san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Moslamach fíréanta gurb é an Córan briathar neamhthruaillithe Dé, agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chórain a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCóran Araibise mar fhíor-leabhar naofa. Rinne Muid Córan Araibise de, ionas go dtuigfeadh
- Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
- Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta, ná stát neamhdhlisteanach é atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart
- Albainis
- Teanga Ghearmáinice is ea an Béarla Gallda, nó an Albainis, a labhraítear in Albain. Tugtar Lallainnis uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Úsáidtear an téarma Albainis Uladh go hoifigiúil le tagairt don chineál leagain a labhraítear i gCúige Uladh, go háirithe i dTuaisceart Éireann
- Críostóir Colambas
- Ba loingseoir agus taiscéalaí Iodálach é Críostóir Colambas i seirbhís Rí na Spáinne
- An Iaráin
- Is tír in iardheisceart na hÁise í Poblacht Ioslamach na hIaráine. Tá teorainneacha aici leis an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Tuircméanastáin sa tuaisceart, an Afganastáin is an Phacastáin san oirthear, agus leis an Tuirc is an Iaráic san iarthar. Tá uiscí na Murascaille roinnte leis an Araib Shádach, Cuáit, Catar, Bairéin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha
- George W. Bush
- Fear gnó agus polaiteoir Meiriceánach é George Walker Bush, a bhí mar 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton sa bhliain 2001. Toghadh George W. Bush ina uachtarán ar SAM den chéad uair ar 7 Samhain 2000, agus bhí an-chuid conspóide faoi áireamh na vótaí ag an am
- The Flower of Scotland
-
Is é The Flower of Scotland amhrán náisiúnta neamhoifigiúil na hAlban. Ba é Roy Williamson, as an ngrúpa cheol tíre úd The Corries, a scríobh é. Baintear úsáid neamhoifigiúil as Scotland The Brave mar an amhrán náisiúnta freisin
- Valéry Giscard d'Estaing
-
Uachtarán ar an bFhrainc idir 1974-1981 ab ea Valéry Giscard d'Estaing
- Johnny Depp
- Is stiúrthóir, ceoltóir agus aisteoir é Johnny Depp. Ag an tús bhí cáil bainte amach aige mar an carachtar Tom Hanson ar an gclár teilifíse 21 Jump Street