2006 Top Ten of Polemic for Society
- Reacht
- In Éirinn, acht nó dlí de chuid an Oireachtais, a bhfuil Dáil Éireann agus Seanad Éireann mar chuid de. De réir Bhunreacht na hÉireann, caithfidh Uachtarán na hÉireann a lorg láimhe a chur ar reacht ionas go rachaidh an dlí i bhfeidhm
- Nasctheanga
- Is é is nasctheanga nó pidgin ann ná teanga nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine, agus í á húsáid mar ghléas comhchumarsáide nó francbhéarla idir dreamanna eitneacha éagsúla. Bíonn na nasctheangacha bunaithe ar na teangacha móra domhanda, de ghnáth, ach amháin nach bhfuil ach freastal an ghéar-riachtanais fágtha d'fhoclóir agus de ghramadach na bunteanga sin
- Antraipeolaíocht
- Is éard atá san antraipeolaíocht staidéar a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbunús, ar a gcuid foras, ar a dtréithe fisiciúla, ar a nósanna reiligiúnda agus sóisialta agus mar sin de. Is fada nós ag antraipeolaithe ón Iarthar taighde a dhéanamh ar phobail iargúlta san Afraic, san Astráil, san Aigéan Ciúin agus in áiteanna nach iad, ach tuigtear anois gur féidir a leithéid de staidéar a dhéanamh ar an gcine daonna in áit ar bith. Ón nGréigis a thagann an bunfhocal anthropos, focal a
- Eacnamaíocht
- Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis. Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú chéad déag
- Cumarsáid
- Is éard atá sa chumarsáid smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl. Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach
- Eolaíocht pholaitiúil
- Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eolaíocht pholaitiúil a bhainneann le teoiric polaitíochta
- Eolaíocht shóisialta
- Is iad na heolaíochtaí sóisialta réimse disciplíní acadúla a dhéanann staidéar ar ghnéithe daonna an domhain. Ina measc tá na cinn seo a leanas:Antraipeolaíocht
Beartas sóisialta
Cumarsáid
Dlí
Eacnamaíocht
Eolaíocht leabharlainne agus faisnéise
Eolaíocht Pholaitiúil
Oideachas
Síceolaíocht
Socheolaíocht
Staidéir chultúrtha
Stair
Teangeolaíocht
- Dlí
- Riail nó roinnt rialacha is ea an Dlí nó an Reacht, é á chur i bhfeidhm ag na cúirteanna agus ag dul i bhfeidhm ar rialú stáit, ar an gcaidreamh idir forais an rialtais agus géillsinigh an stáit, agus ar an gcaidreamh atá ag géillsinigh ar a chéile
- The Irish Times
- Nuachtán mórbhileoige Éireannach is ea The Irish Times a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. Kevin O'Sullivan an t-eagarthóir reatha - tháinig sé i gcomharbas ar Geraldine Kennedy a roghnaíodh tar éis Conor Brady sa bhliain 2002
- Conradh Angla-Éireannach
- Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceathar chalafort le fanacht in úsáid na Breataine