2006 Top Ten of Polemic for Health
- Máinliacht
- Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é
- Néareolaí
- Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le h-othair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Parkinson nó stróc. Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas. De ghnáth, ní bhíonn mórán dá gcleachtadh ag baint le galar intinne go díreach, cé go mbíonn mórán cásanna ina mbíonn siomptaim de ghalar néarach chomh maith le galar intinne
- Liacht bhan
- Tugtar liacht bhan nó gínéiceolaíocht ar an gcraobh den leigheas a bhaineann le galair agus mífheidhmiú chórais giniúna ban. Lia ban a thugtar ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar mhná le béim ar a mbaill giniúna
- Altra
- Tugtar altra ar chleachtaitheoir a thugann aire do othair agus ar féidir leis nó léi scrúdú teoranta a dhéanamh
- Dochtúir teaghlaigh
- Dochtúir teaghlaigh a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm piollaí nó i bhfoirm eile. Is é a bhíonn i gceist le gnáthdhochtúir
- Comhairleoir leighis
- Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha
- Síciatracht
- Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne
- Néareolaíocht
- Tugtar néareolaíocht ar an roinn sin den leigheas a bhaineann le tubaistí agus galair a bhaineann leis na gcillín néarach (néaróg). Tugtar néareolaí ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar othair a bhfuil galra néaracha orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson nó stróc
- Cnáimhseachas
- Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas
- Druga
- Is éard is druga ann ná substaint cheimiceach nó bhithcheimiceach, shaorga nó nádúrtha, agus í in ann tionchar a imirt ar an dóigh a mbíonn an t-orgánach ag obair, má ghlactar isteach sa cholainn é. De réir an tsainmhínithe seo, is féidir dearcadh ar an mbia féin mar dhruga, ach sa ghnáthchaint, tá ciall níos cúinge leis an téarma, agus is é an cineál substaintí a bhíonn i gceist ansin ná cógais, vitimíní, agus drugaí mídhleathacha cosúil le heacstais, cócaon, marachuan