2006 Top Ten of Polemic for Geography

Fine Gael
Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann is ea Fine Gael. Tá sé ar an dara páirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus de réir socrú idir pháirtithe an rialtais, toghfar ceannaire Fhine Gael, Leo Varadkar, ina Thaoiseach ag deireadh na bliana 2022. Fuair an páirtí 20.9% de na vótaí céad-rogha agus 35 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, á chur ar an tríú páirtí is mó sa Dáil
Guugu Yimidhirr
Is teanga Astrálach é Guugu Yimidhirr. Tá sé mar theanga ag muintir Guugu Yimidhirr, atá ina gcónaí in aice le Cooktown i dtuaisceart Queensland
Muineachán
Is é Muineachán príomhbhaile Chontae Mhuineacháin, ceann den trí chontae i gCúige Uladh a fágadh ar an taobh theas den Teorainn nuair a chuaigh an chríochdheighilt i bhfeidhm ar oileán na hÉireann i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Is é Muineachán an t-aon áit amháin sa chontae ar féidir cathair a thabhairt uirthi, agus tá cónaí ar sé mhíle duine ann. Tá an Teorainn suite thart faoi ocht gciliméadar den áit
Iorras
Is barúntacht bheag in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo in Éirinn é Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile sa gceantar. Tá Gaeltachtaí beaga lonnaithe ann
Droim ar Snámh
Baile i gContae Liatroma is ea Droim ar Snámh. Bhí 173 duine ina gcónaí i nDroim ar Snámh sa bhliain 2002
Béal an Átha Móir
Baile i gContae Liatroma is ea Béal an Átha Móir. Bhí 805 duine ina gcónaí i mBéal an Átha Móir sa bhliain 2006. Ar a dtugtar Béal an Átha Móir ar Bhéal an Átha Móir a chiallaíonn “béal an áth mhóir”, fuair an baile an t-ainm seo toisc gurbh é príomhphointe trasnaithe na hAbhann Buí é, idir Loch Eoin agus Loch Garadice. Sa 13ú haois, Baile Átha na Chuirre a bhí air toisc gur sheas teach ospidéil gar don droichead
Fásach
I dtíreolaíocht, is éard atá i bhfásach ná sórt tíre nó réigiún a fhaigheann an-bheagán titim uisce. Mar gheall ar seo, bíonn an cháil ar fhásaigh nach féidir leo mórán beatha a choinneáil. I gcomparáid le réigiúin níos fliche féadann seo a bheith fíor, ach nuair a scrúdaítear níos doimhne iad, is minic a chosnaíonn na fásaigh saibhreas beatha a fhanann i bhfolach chun taiseacht a choinneáil. Is fásach tuairim agus trian de dhromchla an domhain
Ail Finn
Is baile beag é Ail Finn i gContae Ros Comáin. Tá sé suite 27.3km ó bhaile Ros Comáin féin .Tá an baile i dtuaisceart an chontae agus tá an daonra beagnach 565 daoine inniu. Is áit an-stairiúil é lán le gnéithe difriúil agus suimiúil
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta, ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é
Doire
Is í 'Doire, an dara cathair is mó i dTuaisceart Éireann. Tá an chathair suite ar dhá thaobh an Fheabhail