2006 Top Ten of Polemic
- Príomhleathanach
- Reacht
- In Éirinn, acht nó dlí de chuid an Oireachtais, a bhfuil Dáil Éireann agus Seanad Éireann mar chuid de. De réir Bhunreacht na hÉireann, caithfidh Uachtarán na hÉireann a lorg láimhe a chur ar reacht ionas go rachaidh an dlí i bhfeidhm
- Staitistic
- Brainse den mhatamaitic is é an staidreamh, nó an staitistic, a phléann le bailiú, próiseáil is anailísiú sonraí uimhriúla chun eolas achoirnrithe a sholáthar uathu
- Innealtóireacht bogearraí
- Is éard is innealtóireacht bogearraí ann ná an cur i bhfeidhm de mhodhanna deartha córasacha agus cáinníochtúla le bogearraí a chruthú
- Innealtóireacht
- Is éard atá i gceist le innealtóireacht ná feidhmiú eolas teicniúil chun fadhbanna daonna a reáchtáil. Síolraíonn an focal ón bhfréamh Laidine ingeniosus, a chiallaíonn "oilte". Is é "innleadaireachd" leagan an fhocail seo i nGaeilge na hAlban ar innealtóireacht
- Ceoldráma
- Dráma a chuirtear i láthair ina bhfuil an-chuid ceoil, de ghnáth i bhfoirm amhránaíochta, is ea ceoldráma. Cuirtear i láthair in amharclann nó faoin aer é. Cineál speisialta ceoldráma is ea opera
- Gnó
- Is éard is Gnó ann comhlacht nó eagras tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí. In Éirinn agus i dtíortha eile tá neart daoine ar fostú ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós Intel agus Pfizer, rud is baol dóibh go minic má thagann meath ar an ngeilleagar domhanda. I mórán tíortha tá rath ar ghnólachtaí áitiúla nó náisiúnta a fhreastlaíonn i slite ar leith ar phobal na tíre; in Éirinn tá leithéidí Ryanair, CRH, Kerry Group agus
- Matamaitic
- Áirítear sa mhatamaitic staidéar ar ábhair mar chainníocht (uimhirtheoiric), struchtúr (ailgéabar), spás, (geoiméadracht), agus athrú leanúnach.
Cé nach bhfuil aon sainmhíniú uirthi, a ghlactar leis go ginearálta, go neamh-fhoirmiúil, d’fheadfá a rá gurb iad uimhreacha agus cló a hábhar staidéir. Dar leo siúd ar a nglaoitear na foirmiúlaigh, is taighde í de struchtúir teibí atá sainithe go haicsímiteach agus atá bunaithe ar loighic agus ar nodaireacht na matamaitice
- Broken Flowers
- Scannán is ea Broken Flowers a scríobhadh agus a stiúradh Jim Jarmusch. Scaoileadh é i 2005. Stiúradh an scannán seo in ómós an stiúrthóir scannáin Jean Eustache
- Uileloscadh
- Is é an tUileloscadh an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí áirithe eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré