2006 Top Ten of Conflict for Society
- Guugu Yimidhirr
- Is teanga Astrálach é Guugu Yimidhirr. Tá sé mar theanga ag muintir Guugu Yimidhirr, atá ina gcónaí in aice le Cooktown i dtuaisceart Queensland
- Eacnamaíocht
- Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis. Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú chéad déag
- An tAontas Eorpach
- Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 447 milliún aige
- Euro
- Is é an euro an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa
- Cumarsáid
- Is éard atá sa chumarsáid smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl. Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach
- Conradh Angla-Éireannach
- Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceithre chalafort le fanacht in úsáid na Breataine
- An Araibis
- Is teanga Sheimíteach í an Araibis atá ar an séú teanga is mó cainteoirí ar domhan. Is í an teanga a labhraíonn an líon is mó cainteoirí dúchais de na Teangacha Seimíteacha í. Sa domhan Arabach is mó a labhraítear í agus is as an bpobal Arabach a ainmníodh í. Áitítear uaireanta gur teangacha éagsúla Arabacha atá i gceist seachas aon teanga amháin
- Reacht
- In Éirinn, acht nó dlí de chuid an Oireachtais, a bhfuil Dáil Éireann agus Seanad Éireann mar chuid de. De réir Bhunreacht na hÉireann, caithfidh Uachtarán na hÉireann a lorg láimhe a chur ar reacht ionas go rachaidh an dlí i bhfeidhm
- Dlí
- Riail nó roinnt rialacha is ea an Dlí nó an Reacht, é á chur i bhfeidhm ag na cúirteanna agus ag dul i bhfeidhm ar rialú stáit, ar an gcaidreamh idir forais an rialtais agus géillsinigh an stáit, agus ar an gcaidreamh atá ag géillsinigh ar a chéile
- Antraipeolaíocht
- Is éard atá san antraipeolaíocht staidéar a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbunús, ar a gcuid foras, ar a dtréithe fisiciúla, ar a nósanna reiligiúnda agus sóisialta agus mar sin de. Is fada nós ag antraipeolaithe ón Iarthar taighde a dhéanamh ar phobail iargúlta san Afraic, san Astráil, san Aigéan Ciúin agus in áiteanna nach iad, ach tuigtear anois gur féidir a leithéid de staidéar a dhéanamh ar an gcine daonna in áit ar bith. Ón nGréigis a thagann an bunfhocal anthropos, focal a