2006 Top Ten of Conflict for Nature
- Príomhleathanach
- Réalteolaíocht
- Is éard atá i gceist leis an réalteolaíocht ná taighde ar na reanna neimhe, cosúil leis na réaltaí, na pláinéid, na cóiméid, agus na réaltraí, chomh maith leis na feiniméin go léir taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, cosúil leis an radaíocht chosmach. Baineann an réalteolaíocht leis an éabhlóid, leis an bhfisic, leis an gceimic, leis an meitéareolaíocht agus le gluaisne na reann neimhe, chomh maith le forbairt agus le fabhrú na cruinne
- Ceimic
- Is í an cheimic an disciplín eolaíoch a bhaineann le dúile agus comhdhúile comhdhéanta d’adamh, móilíní agus iain: a gcomhdhéanamh, a struchtúr, a n-airíonna, a n-iompar agus na hathruithe a dhéantar orthu le linn imoibrithe le substaintí eile
- Fisic
- Is éard is fisic ann ná eolaíocht nádúrtha a bhfuil mar chuspóir aici imscrúdú a dhéanamh ar dhamhna agus gluaisne an damhna trí spás agus am, mar aon le coincheapa atá bainteach leis amhail fuinneamh agus fórsa. Ag caint go forleathan, anailís an nádúir atá inti, chun teacht ar thuiscint ar iompar na cruinne
- Bitheolaíocht
- Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta a dhéanann staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe agus na bplandaí, lena n-áirítear struchtúr, feidhm, fás, éabhlóid, dáileadh, agus tacsanomaíocht
- Ailtireacht
- Ealaíon agus eolaíocht ar dhearadh foirgnimh atá san Ailtireacht. Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta, ó leibhéal macraiphleanáil bailte, dearadh cathartha, agus ailtireacht tírphictiúra go leibhéal micri-dhearadh troscán nó dearadh táirgí
- Míochaine
- Is éard is míochaine nó leigheas ann ná an eolaíocht a bhaineann le haire don cholainn agus don aigne, agus an freastal a thugann dochtúirí leighis. Is mór é a réimse, agus baineann líon mór saineolaíochtaí leis - na trí réimse is ginearálta ná máinliacht, míochaine chliniciúil agus taighde míochaine
- Damhna
- Go hiondúil, san fhisic chlasaiceach agus san cheimic ghinearálta, is éard is damhna ann ná ní a líonann spás trí thoirt a bheith aige. agus a mbíonn mais aige, bíodh an rud sin gásach, leachtach nó soladach
- Ocsaigin
- Is dúil cheimiceach neamh-mhiotalach í an ocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach san atmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina móilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná O. Is é a hocht (8) an uimhir adamhach atá aici, agus is é an meáchan adamhach atá aici ná 15.999
- 2004
- Ba bliain bhisigh an bhliain 2004.Bliain Shíneach : Moncaí (猴