2006 Top Ten of Conflict for History

Cogadh na Saoirse (Éire)
Tugtar Cogadh na Saoirse, 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí
Cogadh Cathartha na hÉireann
B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad
Uileloscadh
Is é an tUileloscadh an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí áirithe eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré
Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin
Is é an rud a bhí i gceist le buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, 1974. Seasann an lá seo, agus buamáil na hÓmaí (15/8/1998) mar cheann de na laethanta ab fhuiltí i stair nua-aimseartha na tíre
Éirí Amach na Cásca
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
Cogadh an Gheimhridh
B'é Cogadh an Gheimhridh an cogadh a fearadh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach ón tríochadú lá de Mhí na Samhna, 1939, go dtí an dóú lá déag de Mhí na Márta, 1940. Thosaigh an cogadh nuair a d'ionsaigh na díormaí Sóivéadacha an Fhionlainn i ndiaidh eachtra teorann - "an lámhach ag Mainila" - arbh é an chiall a baineadh as i mbolscaireacht an Aontais Shóivéadaigh ná gur ionsaí Fionlannach a bhí ann. Bhí na Fionlannaigh riamh ag áitiú nach raibh ann ach saighdeadh a
Saorstát Éireann
Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann, ar an 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mhair an Saorstát go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937
Aitheasc Gettysburg
Ar an 19 Samhain, 1863 thug Abraham Lincoln óráid ar a dtugtar Aitheasc Gettysburg
15ú haois
Reifirméisean
Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh