2005 Top Ten of Polemic for History
- Óglaigh Uladh
- Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh
- Dara Cogadh na mBórach
- B'é Dara Cogadh na mBórach an cogadh a chuir an Bhreatain Mhór ar na Bóraigh, ó 11 Deireadh Fómhair 1899 go dtí an 31 Bealtaine 1902. Bhí Paul Kruger ina uachtarán ar an Transvaal ag an am, ceann de na ceantair a bhí ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na Breataine ansiúd
- Reifirméisean
- Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
- Cogadh Vítneam
- Cogadh a mhair ó 1957 go dtí 1975 ab ea Cogadh Vítneam ina raibh fórsaí Vítneamacha cumannacha éagsúla ag dul in éadan fórsaí a bhí in ainm is a bheith ag déanamh ionadaíocht do thíortha an Domhain Thiar
- Neamhspleáchas na Fionlainne
- Ghlac parlaimint na Fionlainne le forógra an neamhspleáchais ar 6 Mí na Nollag 1917. Bhí sé de chuspóir ag an bparlaimint cúl a thabhairt le seanstádas na tíre mar Ard-Dhiúcacht fhéinstiúrtha Rúiseach
- Cath na Bóinne
- Troideadh Cath na Bóinne sa bhliain 1690, agus tá sé ar na cathanna is mó a troideadh riamh in Éirinn
- Éirí Amach na Cásca
- Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor
- Comhaontú Aoine an Chéasta
- Is é Comhaontú Aoine an Chéasta an comhaontú a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998 le todhchaí pholaitiúil Thuaisceart Éireann a shocrú agus le deireadh a chur leis na Trioblóidí
- Connachta
- Rítheaghlaigh in iarthair na hÉireann meánaoise ba ea Na Connachta. Mhaígh siad gurbh é Conn Cétchathach, Ardrí seanscéalach, a sinsear. Tá Cúige Connacht an lae inniu ainmnithe astu. Ag amanna éagsúla ámh, bhí tailte acu fosta san Ulaid, Laighean agus Mumhain. Bhíodh an príomhionad acu ag Ráth Cruachan
- An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
- Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda