2005 Top Ten of Polemic for Geography
- Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
- Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta, ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é
- Albain
- Is tír í Albain a bhíodh ina ríocht neamhspleách tráth in iarthuaisceart na hEorpa agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiún as a bhfuil an Ríocht Aontaithe comhdhéanta. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na Breataine
- Tuaisceart Éireann
- Is ionann Tuaisceart Éireann agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Éirinn nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922
- Loch Coirib
- Tá Loch Coirib ar cheann de mhór-locha na hÉireann, agus é suite in iarthar na tíre. Tá iascaireacht bhreá ar an loch agus san abhainn ghairid a cheanglaíonn an loch le cathair na Gaillimhe agus Cuan na Gaillimhe. Is iondúil báid aeraíochta ar an loch freisin i rith an tsamhraidh
- An Brú
- Paróiste agus baile is ea an Brú. Is mó a thugann Gaeilgeoirí na háite Brú na nDéise mar ainm orthu araon. Bruff atá ag lucht an Bhéarla ar an áit. Tá timpeall is 800 duine ina gcónaí ann
- Reilig Montparnasse
- Mic léinn a bhaist an t-ainm Mont Parnasse ar an gcomharsanacht seo i bPáras na Fraince mar gheall ar gurbh ann a thagaidis le chéile chun filíocht a aithris
- An Lir
- Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Lir. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Is beag an réaltbhuíon í, ach is furasta í a aimsiú toisc go bhfuil an réalt is gile léi, Vega, ina rinn ar "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis. Is é Lyra, a chiallaíonn "lir", an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo
- Iarúsailéim
- Is é príomhchathair Iosrael ná Iarúsailéim
- Baile an Chláir
- Is baile é Baile an Chláir atá suite taobh thoir de Chathair na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe. Tá 1,536 gaeilgeoirí ina gcónaí ann
- An Cheathrú Rua
- Sráidbhaile mór is ea an Cheathrú Rua atá suite i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sí i lár Ghaeltacht Chonamara agus i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin