2004 Top Ten of Polemic for Geography

Contae Chill Mhantáin
Tá Contae Chill Mhantáin in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean. Ba é Contae Chill Mhantáin an contae deireanach a bunaíodh in Éirinn: go dtí 1605 ba chuid de Chontae Bhaile Átha Cliath í. Is inti atá fothraigh mhainistir cháiliúil Naomh Chaoimhín ag Gleann Dá Loch
Contaetha na hÉireann
Nua-Eabhrac (cathair)
Cathair ina gcónaíonnn 8,622,698 duine í Cathair Nua-Eabhrac, atá suite ar chósta thoir thuaidh Stát Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Is í an chathair is mó daonra i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, nuair a chuirtear daonra a mbruachbhailte léi, is gaire do 20 milliún atá inti. Ar oirthear inbhear an Hudson atá sí, le New Jersey ar an taobh thiar den abhainn. Is í an chathair is mó i stát Nua-Eabhrac í
An Fhrainc
Is tír í an Fhrainc nó Poblacht na Fraince atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta
An Iaráic
Tír sa Mheánoirthear agus in iardheisceart na hÁise í Poblacht na hIaráice. Tá sí ag críocha aici leis an Araib Shádach agus le Cuáit ó theas, leis an Tuirc ó thuaidh, leis an Siria san iarthuaisceart, leis an Iordáin san iarthar, agus leis an Iaráin san oirthear. Thugtaí an Mheaspatáim ar an dúiche seo
Oileáin Árann
I gCuan na Gaillimhe atá Oileáin Árann nó na hÁrainneacha; is iad na trí phríomh-oileán ná Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr
Contae Luimnigh
In iarthar Chúige Mumhan atá Contae Luimnigh. Tá Contae an Chláir suite lastuaidh de. Tá Contae Chorcaí suite ar an taobh ó dheas de Luimneach. Tá Contae Thiobraid Árann ar an taobh thoir de agus tá Ciarraí ar an taobh thiar de. Ritheann an tSionainn trí thuaisceart an chontae agus tá cathair Luimnigh suite ar bhruach na h-abhann. Tá Ollscoil Luimnigh suite sa chathair. Is é an Caisleán Nua Thiar an baile is mó sa chontae seachas an chathair féin
Contae an Chabháin
I ndeisceart Chúige Uladh atá An Cabhán nó Contae an Chabháin. "Log' a chiallaíonn an focal 'Cabhán' agus tá an baile den ainm sin suite i ngleann beag i lár na gcnoc. Ba iad clann Uí Raghaillaigh a thóg caisleán anseo sa tríú haois déag agus riailigh siad oirthear an cheantair ar ar tugadh 'Breifne'. Bhunaigh na Proinsiasaigh mainistir sa Chabhán ag an am céanna ach níl fágtha de sin anois ach túr an chloig. Ba sa bhliain 1579 a leagadh amach teorannacha an chontae. Rinneadh ionad
Éire
Is oileán í Éire atá suite amuigh ó chósta iarthuaisceart mhórthír na hEorpa, siar ón mBreatain Mhór, in oirthear an Aigéin Atlantaigh thuaidh
Cúige Chonnacht
Tá Cúige Chonnacht nó Connachta in iarthar na hÉireann. Tá sé suite laistiar den tSionainn, an abhainn is mó sa tír. Tá lárphointe an chúige gar do Chnoc Mhuire, in oirthear Chontae Mhaigh Eo. Is é an Cnoc Maol Réidh (814m), i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo, an sliabh is airde ann. Tá an t-oileán is mó sa tír, Acaill, ar an gcósta thiar. Nuair a bhí Cromail in Éirinn agus é ag díbirt na nGael siar, deirtear go ndúirt sé "go Connachta nó go hIfreann." Tá ceantair Gaeltachta i gContae