2004 Top Ten of Polemic for Culture

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Cuireadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar bun ar dtús sa bhliain 1845, mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar "Coláiste na hOllscoile, Gaillimh", í, agus í le bheith mar chuid de Ollscoil na hÉireann le Baile Átha Cliath agus Corcaigh. 'Sna nóchóidí, cuireadh eagar ar an ainm arís, agus anois 'sí a teideal oifigiúil ná Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá fás mór ar an ollscoil le blianta beaga
Ceol
Leagan amach deaslabhartha na fuaime agus an tosta is ea an ceol. Tá fíorbhrí an fhocail ceol an-chonspóideach, agus féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine
Patrún
Séard is patrún ann ná cló nó samhla a bhfuil mar toradh feidhmiúil ar chuid den cló féin a bhfuil ar a chumas chuid de rud nó a iomlán a ghiniúint
Amhrán na bhFiann
Is é Amhrán na bhFiann amhrán náisiúnta na hÉireann. Scríobh Peadar Ó Cearnaigh na liricí, agus chum Patrick Heaney an port. Ba i mBéarla a scríobhadh na liricí ar dtús, ach is é an leagan Gaeilge is gnách a chloisteáil inniu. Ní chantar ach an curfá de ghnáth agus is ar éigean go bhfuil an chuid eile den amhrán ar eolas ag duine ar bith. Tá blas láidir Ghaeilge na Mumhan ar na líricí, agus is minic nach féidir an fonn a choinneáil ach an t-amhrán a chanadh sa chanúint seo. Mar
Corda (ceol)
I gceol agus i dteoiric ceoil, déantar corda le trí nóta nó os a cionn seinnte go comhuaineach. San úsáid choitianta, ní corda ach grúpa le trí nóta atá tonúil nó a bhfuil feidhmiú diatonach aige
Cócaireacht
Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas. Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil
Seacláid
Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar "seacláid", agus bia le blas gangaideach láidir. Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid. Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra
Gaelscoil
Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi
Bricfeasta Éireannach
Tugtar Bricfeasta Éireannach ar bhricfeasta te ina mbíonn ispíní, ubh, bagún, putóg dubh agus trátaí friochta. Bíonn an béile seo ar fáil go coitianta i dtithe lóistín ar fud na tíre agus sa Bhreatain, áit a dtugtar British Breakfast air, agus is áil le cuid de mhuintir Uladh "bricfeasta Ultach" a thabhairt air
Ogham
Is aibítir sheanda í an tOgham, an t-oghamchraobh, a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir 300 A.D. agus 600 A.D. Tuairiscíonn na saineolaithe nárbh aibítir neamhspleách í, ach gur rúnscríbhinn de shaghas áirithe a bhí ann agus í bunaithe ar aibítir na Laidine. Faightear inscríbhinní in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann