2004 Top Ten of Conflict for Geography

Contae Chill Mhantáin
Tá Contae Chill Mhantáin in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean. Ba é Contae Chill Mhantáin an contae deireannach a bunaíodh in Éirinn: go dtí 1605 ba chuid de Chontae Bhaile Átha Cliath í. Is inti atá fothraigh mhainistir cháiliúil Naomh Chaoimhín ag Gleann Dá Loch
An Fhrainc
Is tír í an Fhrainc nó Poblacht na Fraince atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta, ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é
Baile Átha Cliath
Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann agus é ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá sé suite in oirthear na tíre, cois Life agus ar imeall Mhuir Éireann. Tá breis is 1.6 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus deirtear go dtiocfaidh borradh agus fás ar an daonra sa todhchaí
Contae Mhaigh Eo
Tá Maigh Eo nó Contae Mhaigh Eo ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann
Cúige Chonnacht
Tá Cúige Chonnacht nó Connachta in iarthar na hÉireann. Tá sé suite laistiar den tSionainn, an abhainn is mó sa tír. Tá lárphointe an chúige gar do Chnoc Mhuire, in oirthear Chontae Mhaigh Eo. Is é an Cnoc Maol Réidh (814m), i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo, an sliabh is airde ann. Tá an t-oileán is mó sa tír, Acaill, ar an gcósta thiar. Nuair a bhí Cromail in Éirinn agus é ag díbirt na nGael siar, deirtear go ndúirt sé "go Connachta nó go hIfreann." Tá ceantair Gaeltachta i gContae
An Bheilg
Is tír í an Bheilg atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh
An Iaráic
Tír sa Mheánoirthear agus in iardheisceart na hÁise í Poblacht na hIaráice. Tá sí ag críochantaíocht leis an Araib Shádach agus le Cuáit theas, leis an Tuirc sa tuaisceart, leis an Siria san iarthuaisceart, leis an Iordáin san iarhar, agus leis an Iaráin san oirthear. Thugtaí an Mheaspatáim ar an dúiche seo
Contae Liatroma
Tá Contae Liatroma in iarthar na hÉireann, i gCúige Chonnacht. Tá níos lú daoine i gContae Liatroma ná i gcontae ar bith eile in Éirinn
Oileáin Árann
I gCuan na Gaillimhe atá Oileáin Árann nó na hÁrainneacha; is iad na trí phríomh-oileán ná Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr