2004 Top Ten of Conflict for Culture

Ceol
Leagan amach deaslabhartha na fuaime agus an tosta is ea an ceol. Tá fíorbhrí an fhocail ceol an-chonspóideach, agus féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine
Corda (ceol)
I gceol agus i dteoiric ceoil, déantar corda le trí nóta nó os a cionn seinnte go comhuaineach. San úsáid choitianta, ní corda ach grúpa le trí nóta atá tonúil nó a bhfuil feidhmiú diatonach aige
Bricfeasta Éireannach
Tugtar Bricfeasta Éireannach ar bhricfeasta te ina mbíonn ispíní, ubh, bagún, putóg dubh agus trátaí friochta. Bíonn an béile seo ar fáil go coitianta i dtithe lóistín ar fud na tíre agus sa Bhreatain, áit a dtugtar British Breakfast air, agus is áil le cuid de mhuintir Uladh "bricfeasta Ultach" a thabhairt air
Cócaireacht
Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas. Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil
Amhrán na bhFiann
Is é Amhrán na bhFiann amhrán náisiúnta na hÉireann. Scríobh Peadar Ó Cearnaigh na liricí, agus chum Patrick Heaney an port
Ogham
Is aibítir sheanda í an tOgham, an t-oghamchraobh, a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir 300 A.D. agus 600 A.D. Tuairiscíonn na saineolaithe nárbh aibítir neamhspleách í, ach gur rúnscríbhinn de shaghas áirithe a bhí ann agus í bunaithe ar aibítir na Laidine. Faightear inscríbhinní in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann
Patrún
Séard is patrún ann ná cló nó samhla a bhfuil mar toradh feidhmiúil ar chuid den cló féin a bhfuil ar a chumas chuid de rud nó a iomlán a ghiniúint
Gaelscoil
Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi
Seacláid
Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar "seacláid", agus bia le blas gangaideach láidir. Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid. Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra
Dlúthdhiosca
Is éard atá i ndlúthdhiosca ná diosca plaisteach a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.7 orlach ar leithead, agus 1.2 mm ar tiús