Litiam

Is dúil mhiotalach é an litiam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 3, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Li. Tá trí phrótón i núicléas an adaimh litiam, agus, dá réir sin, trí leictreon sa néal leictreon. Ceann de na miotail alcaileacha atá ann, agus cosúil leis na miotail alcaileacha eile, níl ach aon fhiúsleictreon amháin aige. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s1, nó tá an sceall is gaire don núicléas lán, agus aon leictreon amháin ar s-fhithiseán an dara sceall. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó ná +1. Tá adamh an litiam an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh leis na neamh-mhiotail, ionas go gcaillfidh sé an fiúsleictreon le hiompú ina ian deimhneach. Tá sé riachtanach litiam a choinneáil dealaithe ón atmaisféar, istigh san ola mar shampla, nó má oibríonn an ocsaigin air, tiocfaidh brat bán ocsaíde (Li2O, ocsaíd litiam) air go sciobtha. Is miotal é a bhfuil loinnir an airgid ann, a fhad is nach bhfuil an brat sin air. Oibríonn an t-uisce air ar an dóigh chéanna, cé nach bhfuil an t-imoibriú leis an uisce chomh tobann agus a bhíonn sé ag na miotail alcaileacha eile. Níl tréithe an mhiotail alcailigh chomh láidir ag an litiam agus ag na miotail eile sa ghrúpa seo, nó is é an ceann is airde leáphointe agus an ceann is deacra a ghearradh acu. Is féidir an litiam a ghearradh le gnáthscian, ach níl sé chomh bog leis an sóidiam, cuir i gcás.
Basalt
Tugtar basalt ar charraig easbhrúite bholcánach, is é sin, carraig a cruthaíodh nuair a d'fhuaraigh laibhe go cloch i ndiaidh di brúchtadh amach as an talamh
Fosfar
Is é an fosfar dúil cheimiceach uimhir a cúig déag.. Tá sé 30.973762 g/mol ar mheáchan adamhach, agus is é P an tsiombail cheimiceach. Neamh-mhiotal é an fosfar a bhfuil a lán allatróp éagsúil aige. Bíonn an fosfar coitianta go leor sa
Indiam
Is é an t-indiam dúil cheimiceach uimhir a 49, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná In. Tá an t-indiam 114.818 g/mol ar mheáchan adamhach. Miotal iar-thrasdultach atá ann, agus é an-bhog, so-chomhleáite. Tá an t
Arsanaic
Is dúil cheimiceach í an arsanaic, agus is é an meáchán adamhach atá aici ná 74.92160 g/mol. Níl ach aon iseatóp nádúrtha amháin ag an arsanaic, is é sin, arsanaic a 75, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá cobhsaí. Tá cuid mhór
Sileacan
Is dúil cheimiceach é an sileacan. Is é an meáchán adamhach atá aige ná 28.0855 g/mol. Is é dúil uimhir a 14 é, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sí. Is miotalóideach é ar dual dó ceithre nasc ceimiceacha a
Gearmáiniam
Is é an gearmáiniam dúil cheimiceach uimhir a 32, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ge. Leathmhiotal nó miotalóideach atá ann, is é sin, dúil a bhfuil saintréitheanna miotalacha agus neamh-mhiotalacha araon aici
Biosmat
Is dúil cheimiceach é an biosmat. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 208.98038 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 83, agus is í an tsiombail adamhach a sheasann dó ná Bi
Antamón
Is é an t-antamón dúil cheimiceach uimhir a 51, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sb. Tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm na dúile, stibiam, nach n-úsáidtear a thuilleadh. Stibnít a thugtar i gcónaí ar
Tailliam
Is dúil cheimiceach é an tailliam. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 204.388 g/mol. Is é dúil uimhir a 81 é, agus is é Tl an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Tá sé cosúil
Tataraigh na Crimé
Grúpa de bhunadh eitneach Tuirceach is ea Tataraigh na Crimé. De bharr géarleanúna san APSS, agus sa Rúis inniu, níl iontu anois ach tuairim is 12% den phobal sa Chrimé agus tá a dteanga dhúchais i mbaol báis