Liam Ó Flaithearta
Scríbhneoir mór as Árainn ba ea Liam Ó Flaithearta, nó Liam O'Flaherty. Ba é an cainteoir dúchais Gaeilge é is mó a ndeachaigh a chuid leabhar Béarla i gcion ar mhuintir an domhain. I mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, agus scríobh sé dánta Gaeilge ó am go chéile.
- Wall Street
- Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua Eabhraic, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall
- Luan Cásca
- De réir staire na Críostaíochta, ba ar Luan Cásca an lá dár gcionn a d'aiséirigh Íosa Críost, Domhnach Cásca, ar feadh aimsire na Cásca
- Fearna
- Baile beag i dtuaisceart Chontae Loch Garman is ea Fearna
- Reifirméisean
- Tugtar an Reifirméisean ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh
- Na Péindlíthe
- Ón 17ú haois go deireadh an 18ú haois a bhí na Péindlíthe, a rinne leatrom ar Ghaeil agus ar Chaitlicigh go háirithe, i bhfeidhm. Rinneadh géarleanúint ar na hEasaontóirí Protastúnacha chomh maith
- Henri Cartier-Bresson
- Ba ghrianghrafadóir Francach é Henri Cartier-Bresson
- Sigmund Freud
- Dochtúir leighis a mhair i Vín na hOstaire ab ea Sigmund Freud. Bhí Freud ina theiripí agus néareolaí. Ba é a chuir tús leis an tsíocanailís a leagann béim ar na gnéithe neamhchomhfhiosacha an duine
- Brian Mac Giolla Meidhre
- Rugadh Brian Mac Giolla Meidhre lámh le hInis Diomáin timpeall na bliana 1750. Chum sé Cúirt an Mheán Oíche, "an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh’, a dúirt Seán Ó Tuama
- Cáisc
- Féile Chríostaí is ea an Cháisc, agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá
- Declan Kearney
- Is Comhalta den Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann é Declan Kearney. Seasann sé in Aontroim Theas